Colga mac Domhnaill

Rí Ailigh

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Colga mac Domhnaill (Sean-Ghaeilge Colcu mac Domnaill) (bás 580). Domhnall Ilchealgach (bás 566) ba ea a athair. Muircheartach mac Muireadhaigh (bás 534) ba ea a sheanathair, agus Eochaidh (bás 572) a dheartháir, ardríthe Éireann beirt.[1][2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 572 go dtí 580.[3]

Infotaula de personaColga mac Domhnaill
Beathaisnéis
Bás580
Teaghlach
AthairDomhnall mac Muircheartaigh
SiblínEochaidh mac Domhnaill agus Aodh Fuariodhnach

Le linn deireadh na 6ú haois, dáileadh an ard-ríogacht idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill.[4] Bhí Aodh mac Ainmhireach (bás 598) de Cineál Chonaill ina ardrí ag an am. Is amhlaidh gur thug Colga a dhúshlán Aodh, ach cloíodh agus maraíodh é i gCath Druim Meic Erce (Drumhirk, Tír Eoghain) sa bhliain 580.[5][6][7]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Aguisín V
  2. Mac Niocaill, lch. 79
  3. Tugtar réimeas 8 mbliana do i Sioncronachtaí Laud
  4. Charles-Edwards, lch. 494-495
  5. Annála Uladh, AU 580.1, 581.1
  6. Annála Tiarnaigh, AT 578.1
  7. Mac Niocaill, lch. 80