Colla mac Fearghasa

Rí Chonnacht
(Athsheolta ó Colla mac Fergusso)

Rí na gConnacht, b'fhéidir, de chlann Uí Bhriúin ba ea Colla mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Colla mac Fergusso) (bás 796). Fearghas Mac Ceallaigh (died 756), iar-rí, ba ea a athair.[1]Síol Cheallaigh as Loch Cime ba ea a mhuintir, ainmnithe as a sheanathair, Ceallach mac Rogallaigh (bás 705).

Infotaula de personaColla mac Fearghasa
Beathaisnéis
Bás796 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
AthairFearghas mac Ceallaigh

Cé nach bhfeictear Colla sna ríliostaí amhail is Leabhar Laighneach, tugtar an teideal rí dó ina thásc i nAnnála Inis Faithlinn.[2][3] Deirtear i nAnnála Uladh, ámh, gur éirigh Muiris mac Tomaltaigh (bás 815) ina rí tar éis dó Cináed mac Artgail (bás 792) a chloí i gCath Sruth Cluana Argai (Cluain Argaí, Ros Comáin) sa bhliain 792.[4] Ina thásc sna hannála úd, tugtar an teideal rí Uí Bhriúin do Cholla.[5]

An rí deireanach de Shíol Cheallaigh ba ea Colla. Níos deireanaí, chuir Uí Bhriúin Seola an ruaig orthu as an gceantar.[6]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Annála Inis Faithlinn, AI 796.3
  3. Byrne, lch. 251
  4. Annála Uladh, AU 792.2
  5. AU 796.5
  6. Byrne, lch. 348.