In Osló i 1993[1] agus i 1995,[2] d’aontaigh Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (an PLO) conarthaí le hIosrael, na Comhaontuithe Osló (Béarla: Oslo Accords). Thug an PLO aitheantas don stát Iosraelach, agus thug Iosrael aitheantas don PLO mar ionadaí an Phobail Phalaistínigh.[3] Tháinig Yitzhak Rabin (Príomh-aire Iosrael), Bill Clinton, agus Yasser Arafat (ar son an PLO) le chéile ar 13 Meán Fómhair 1993 sa Teach Bán chun an chéad comhaontú[1] a shíniú.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontuithe Osló
Cineálcomhaontú Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid depeace process in the Israeli–Palestinian conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Yitzhak Rabin, Bill Clinton, agus Yasser Arafat, Teach Bán, 1993-09-13

Iarmhairtí cuir in eagar

Agóid de chuid Likud in aghaidh na gcomhaontuithe, Márta 1995

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Yitzhak Rabin agus Yasser Arafat sa bhliain 1994, as a saothar i bpróiseas na síochána.

Feallmharaíodh Rabin in 1995 (ba é Yigal Amir an dúnmharfóir, ceartchreidmheach agus antoisceach den eite dheis).

Níos déanaí, cháin Benjamin Netanyahu (Príomh-aire Iosrael, ball de Likud) agus Hamas araon na Comhaontuithe Osló.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Declaration of Principles on Interim Self-Government Arrangements". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  2. "Israeli-Palestinian Interim Agreement on the West Bank and the Gaza Strip". web.archive.org (2002-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2002-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  3. Eoin Ó Murchú (23 Deireadh Fómhair 2023). "Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-04.