Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2024


Reáchtáladh idir 11 Samhain - 22 Samhain 2024 san Asarbaiseáin, COP29 (Comhdháil na bPáirtithe 29) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2024.[1][2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2024
Lipéad sa teanga dhúchais(en) 2024 United Nations Climate Change Conference
(az) Birləşmiş Millətlər Təşkilatının İqlim Dəyişikliyi Konfransı (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
CineálUnited Nations Climate Change conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse11 - 22 Samhain 2024
Uimhir eagrán29 Cuir in eagar ar Wikidata
2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBakı, An Asarbaiseáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Asarbaiseáin Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraían Asarbaiseáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Suíomh gréasáincop29.az Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: cop29azerbaijan Twitter: COP29_AZ Instagram: cop29_azerbaijan LinkedIn: cop29azerbaijan Youtube: UCKArqAWtltgVn6EsHxJ_baQ TikTok: cop29_azerbaijan Flickr: 201657189@N05 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé aontaithe ag ceannairí domhanda ag COP21 i bPáras, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid. Ach sáraíodh an teorainn sin sa bhliain 2024.

Tharla Tuilte sa Spáinn cúpla lá roimh COP29. Chonaic pobal na hÉireann an damáiste uafásach a rinneadh i Valencia d'fhoirgneamh, d'infrastruchtúr, do thithe daoine agus an t-uafás ina dhiaidh. Bhí sé sé soiléir an tionchar diúltach ag athrú aeráide ar phobail timpeall an domhain ag an am.[4]

Eagraíocht

cuir in eagar

Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP29, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, maoiniú go háirithe.

Bhí beagnach 65,000 duine i láthair ag COP29[5] (100,000 ag COP28 i Dubai), agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair.

Conspóidí

cuir in eagar
  • Agus gan tús curtha le COP28, bhí COP29 ag cothú aighnis cheana féin. Bhain an t-aighneas ar dtús le cá mbeidh comhdháil na bliana seo chugainn ar siúl. Bhí COP29 le bheith ar siúl in oirthear na hEorpa ach chuir an Rúis bac ar aon tír atá ina ball den AE an chomhdháil a reáchtáil.[6]
  • Mhaígh uachtarán na tíre óstaí, an tUachtarán Ilham Aliyev, leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne sé cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Bhí pleananna ag an tír, a dúirt Aliyev, táirgeadh gáis a mhéadú sa tréimhse 2025-2035 agus éileamh láidir san Eoraip i gcónaí. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise.[7]
  • Ar an 13 Samhain, tharraing an Airgintín a n-ionadaithe amach as comhdháil aeráide.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
  2. "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
  3. RnaG (11 Samhain 2024). "Tús Áite: COP29" (as ga-IE). 
  4. RTÉ / agallamh le Deirdre de Búrca, Comhairleoir Neamhspleách Timpeallachta Deirdre de Búrca (2024-11-10). "Bhfuil Éireann réidh d'eachtraí adhaimsire aeráide?" (as ga-IE). 
  5. Eco-Business (2024-11-15). "Analysis: Which countries have sent the most delegates to COP29?" (en). Eco-Business. Dáta rochtana: 2024-11-20.
  6. "Súil ‘go ndúiseofar ónár néal sinn’ ag COP28 in Dubai" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-30). Dáta rochtana: 2024-11-21.
  7. Conradh na Gaeilge Londain (16 Samhain 2024). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-11-21.
  8. RnaG / Tús Áite: An Airgintín (2024-11-14). "Phléamar an scéal seo leis an Iriseoir Michael McCaughan." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-21.