Constáblacht Speisialta Uladh

Fórsa póilíneachta paraimíleatach, agus cúltacaí Chonstáblacht Ríoga Uladh, ba ea na B-SpeisialtaighConstáblacht Speisalta Uladh ("Ulster Special Constabulary", nó de ghnáth, na "B-Specials"), curtha le chéile i mí Dheireadh Fómhair 1920[1],[2] agus díscaoilte san earrach 1970.

Bosca Sonraí EagraíochtaConstáblacht Speisialta Uladh
Sonraí
CineálSpecial Constabulary (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte31 Márta 1970 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh na ‘B Specials’ ar dtús chun cúnamh a thabhairt don RIC, agus ansin don RUC, dul i ngleic le gníomhartha Óglaigh na hÉireann (IRA).[3]

 
éide chomhraic

I ndiaidh gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach i mí na Nollag 1921, d’aontaigh toscaireachtaí na Breataine agus na hÉireann araon ar an RIC a dhíscor. I stát nua Thuaisceart Éireann, tháinig Constáblacht Ríoga Uladh (RUC) isteach in áit an RIC. Eagras armtha a bhí ann. Ina dhiaidh sin, bhíodh '"cúnamh" á fháil ag an bhfórsa seo ó Chonstáblacht Speisalta Uladh, eagras deonach.

Ba Phrotastúnaigh iad formhór na mball den RUC ón uair a bunaíodh é, agus Protastúnaigh amháin iad na mball den B-Speisialtaigh, beagnach, rud a chuir as do Chaitlicigh i dTuaisceart Éireann.[4] Is iomaí Caitliceach a bhí barúlach nach raibh i gceist leis na Speisialtaigh ach fórsa leis na Caitlicigh agus na náisiúnaithe a throid, agus a bhí an Chonstáblacht féin ag iarraidh fíorphóilíneacht a dhéanamh.

Díscaoileadh cuir in eagar

Spreag na hionsaithe a rinne "na B-Speisialtaigh” sna 1960idí fuath seicteach. Le linn na scliúchas i Mí Lúnasa 1969, ní raibh na Constáblaí agus na Speisialtaigh in ann an tsíocháin a choimeád, agus tháinig na saighdiúirí dearga isteach ansin.

San earrach 1970, díscaoileadh (nó atheagraíodh) na "na B-Speisialtaigh”, ceann de na príomh-mholtaí sa tuarascáil Hunt ar 10 D.F. 1969[5], agus tháinig Reisimint Cosanta Uladh in áit na ‘B Specials’.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. neamhfhoirmeálta sna 1920idí, buan ó 1933 ar aghaidh - D. Walsh (2000-03-01). "Bloody Sunday and the Rule of Law in Northern Ireland" (as en). Springer. 
  2. Arthur Aughey, Duncan Morrow (2014-06-17). "Northern Ireland Politics" (as en). Routledge. 
  3. museum.ie (2019-12-10). "Wayback Machine - CONSTÁBLACHT RÍOGA ULADH – SEIRBHÍS PHÓILÍNEACHTA THUAISCEART ÉIREANN". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2020-05-01.
  4. "The B-Specials – Unionism’s stormtroopers | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2020-05-01.
  5. "1969: Ulster's B Specials to be disbanded" (en-GB) (1969-10-10). Dáta rochtana: 2020-05-01.