Sraith theilifíse anime ficsin eolaíochta atá in Cowboy Bebop[1] (カウボーイビバップ Kaubōi Bibappu) a bhí léirithe ag Sunrise agus stiúrtha ag Shin'ichirō Watanabe. Suite sa bhliain 2071 agus dírithe ar fhoireann sealgairí deolchairí sa spás, pléann an tsraith na ceisteanna neamhréitithe scéalta príomhcharachtar agus coincheapa mar eiseachas, leadrán, uaigneas agus tionchar an ama atá thart.[2][3]

Infotaula de sèrie de televisióCowboy Bebop
カウボーイビバップ
Tíran tSeapáin
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilcowboy-bebop.net Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0213338 Cuir in eagar ar Wikidata

Craoladh an tsraith an chéad uair sa tSeapáin ar TV Tokyo ón 3 Aibreán go dtí an 26 Meitheamh 1998,[4] ach níor craoladh ach 12 eipeasóidí agus clár speisialta amháin ar dtús de bharr ábhair chonspóidigh na sraithe.[5] Craoladh na heipeasóidí ar fad ina dhiaidh sin ar WOWOW ón 24 Deireadh Fómhair 1998 go dtí an 24 Aibreán 1999.[6]

Fuair Cowboy Bebop ardmholadh ó na léirmheastóirí agus d'éirigh go geal leis sa tSeapáin agus ar bhonn idirnáisiúnta araon. Bronnadh go leor gradaim sna réimsí beochana agus ficsin eolaíochta ar an saothar agus bhí an-mheas ar a stíl, a charachtair, a scéal, a dhubáil, a bheochan agus a fhuaimrian. Measann go leor criticeoirí gur ceann de na straitheanna anime ab fhearr riamh é.

Léiriúchán cuir in eagar

Fuaimrian cuir in eagar

Ba é Yōko Kanno a chum an fuaimrian[7] agus chruthaigh sí an banna snagcheoil agus blues Seatbelts chun ceol sraithe a casadh.[8]


Tagairtí cuir in eagar

  1. "カウボーイビバップ|作品紹介|サンライズ" (Seapáinis). sunrise-inc.co.jp. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  2. "STAFF PICKS: OLD SCHOOL CARTOONS | The Vault Magazine" (Béarla). thevaultmag.com (2013-05-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-23. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  3. "Anime for the Rest of Us - TeeVee.org" (Béarla). teevee.org. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  4. "Craoladh Sunrise 1" (Seapáinis). sunrise-anime.jp (2011-09-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-9-17. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  5. "Cowboy Bebop". ex.org (2012-09-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-18. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  6. "Craoladh Sunrise 2" (Seapáinis). sunrise-anime.jp (2012-06-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-06-19. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  7. "Composer Yoko Kanno to Perform Concert at Otakon" (Béarla). animenewsnetwork.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-07. Dáta rochtana: 2022-11-21.
  8. "Seatbelts Reunite" (Béarla). animenewsnetwork.com. Dáta rochtana: 2022-11-21.

Naisc sheachtracha cuir in eagar