Is suíomh gréasáin comhroinnte físeán é YouTube. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar na físeáin chéanna.

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinYouTube
YouTube Logo 2017.svg
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainnehttps://www.youtube.com/ Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm gearrYT Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálvideo streaming service (en) Aistrigh, ardán físeán ar líne, public website (en) Aistrigh agus meáin shóisialta Cuir in eagar ar Wikidata
SluaghairmBroadcast Yourself Cuir in eagar ar Wikidata
Teangailtheangacha Cuir in eagar ar Wikidata
Ceadúnasend-user license agreement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga ríomhchlárúcháinPython agus Go Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirYouTube (en) Aistrigh agus Google Cuir in eagar ar Wikidata
CruthaitheoirSteve Chen (en) Aistrigh, Jawed Karim (en) Aistrigh agus Chad Hurley Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhísFeabhra 14, 2005 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Dámhachtain a fuarthas
Rangú Alexa2 (Lúnasa 24, 2019)
2 (Eanáir 12, 2020)
2 (Meitheamh 27, 2020)
2 (Nollaig 13, 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Blag oifigiúilhttps://blog.youtube/ Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0202446 Facebook: youtube Twitter: YouTube Instagram: youtube Youtube: UCBR8-60-B28hp2BmDPdntcQ Pinterest: YouTube TikTok: youtube GitHub: youtube

Bíonn an chuid is mó de na físeáin á gcruthú ag na húsáideoirí féin agus bíonn gearrthóga scannán, gearrthóga teilifíse agus físeáin cheoil ina measc, chomh maith le hábhar amaitéarach amhail físbhlaganna agus ábhar bunaidh físeán na n-úsáideoirí féin.

Is áis é atá saor in aisce. Ní gá clárú ar an suíomh le féachaint ar na físeáin, cé gur gá clárú le breathnú ar fhíseáin shrianta áirithe.

Is fochuideachta de chuid Google é. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in San Bruno, California.

TeicneolaíochtCuir in Eagar

Úsáideann YouTube teicneolaíocht HTML5 chun réimse leathan d'ábhair físeáin a thaispeáint. Bhain an comhlacht úsáid as Adobe Flash Video cheana.

StairCuir in Eagar

Chuir iarfhostaithe de chuid PayPal tús le YouTube sa bhliain 2005. D'fhorbair Meiriceánaigh darb ainm Steve Chen, Chad Hurley agus Jawed Karim YouTube i rith 2005, chun comhroinnt físeán a éascú ar an idirlíon.

Cheannaigh Google YouTube ar $1.65 billiún i Samhain 2006.

Thuairiscigh anailísí de chuid Bank of America sa bhliain 2015 gur fiú $70 billiún an suíomh YouTube ag an am sin[1].

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

 
Ceanncheathrú YouTube in San Bruno, California.

TagairtíCuir in Eagar