Is éard is cuaisíteas ann ná ionfhabhtú sa líneáil i gceann amháin nó níos mó de na cuasa i gcnámha na haghaidhe os cionn na sróine. Tarlaíonn sé uaireanta de thoradh ionfhabhtú na n-aerphasáistí uachtaracha (is é sin, slaghdán). Faigheann duine pian dhian os cionn an chuais, tinneas cinn, agus fiabhras.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.