Crotach
Is lapaire é an crotach[1] nó an cuirliún (Numenius arquata) san fhine mhór Scolopacidae. Tá sé ar cheann de na crotaigh is forleithne, ag pórú ar fud na hEorpa measartha agus na hÁise. San Eoraip, is minic a thagraítear go díreach ar an speiceas seo mar "an crotach", agus in Albain tugtar "an guilbneach" air i nGaeilge na hAlban.
Numenius arquata | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 76 g 742 g 869 g |
Réise sciathán | 0.97 m |
Meánlíon in ál | 4 |
Tréimhse ghoir | 28 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas beagnach faoi bhagairt | |
UICN | 22693190 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Scolopacidae |
Géineas | Numenius |
Speiceas | Numenius arquata Linnaeus, 1758 |
Cineál tacsanomaíoch | Numenius |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Numenius arquata. Má tá suim agat in éin eile ar a dtugtar “crotach”, féach Numenius.
Is é seo an lapaire is mó ina raon, ag 50-60 cm ar fhad, le réise sciathán 89–106 cm agus meáchan coirp 410–1,360 g. Tá dath liathdhonn air den chuid is mó, le droim bán, cosa liathghorm agus gob cuartha an-fhada. Breathnaíonn na cinn fhireanna agus bhaineanna go díreach mar an gcéanna, ach tá an gob níos faide i measc na mbaineannach fásta. De ghnáth, ní féidir gnéas crotaigh amháin, nó fiú roinnt níos mó eile, a aithint mar tá an-éagsúlacht ann; de ghnáth is féidir, áfach, leathéan a aithint thar a chéile.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Numenius arquata” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.