Culaith uisce
Is éard is culaith fhliuch (nó culaith uisce) ann[1] ná culaith a chaitear san uisce le duine a choinneáil te. Cosaint theirmeach a thugann siad. Coinníonn siad teas an duine isteach trí chiseal uisce a choinneáil san ábhar atá buailte le colainn an duine, téann colainn an duine an t-uisce seo. Is as cúr-neoipréin a dhéantar iad de ghnáth. Baineann lucht surfála, tumadóirí, lucht canú agus daoine eile a bhíonn ag dul do spórtanna uisce úsáid astu. Braitheann insliú na cúr-neoipréine ar bholgáin gháis atá ceaptha san ábhar - rud a laghdaíonn seoladh an teasa tríthi. Fágann na bolgáin go mbíonn dlús íseal ann - rud a fhágann snámh áirithe ann san ábhar a chabhraíonn le lucht a n-úsáidte san uisce dóibh.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “wetsuit — Aistriúchán Gaeilge ar wetsuit (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-03-17.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |