Cumann Sacair na hÉireann
Is é Cumann Sacair na hÉireann (CSÉ) (Béarla: Irish Football Association, Ultais: Norlin Airlan' Fitbaw Associe) an comhlacht rialaithe faoi choinne sacair i dTuaisceart na hÉireann. D’eagraigh sé foireann sacair náisiúnta na hÉireann ó 1880 go 1950, a tiontaíodh i bhfoireann sacair náisiúnta Thuaisceart na hÉireann tar éis 1954 .
Cumann Sacair na hÉireann | |||
---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Irish Football Association (ga) Cumann Peile na hÉireann | ||
Sonraí | |||
Cineál | Association football federation (en) | ||
Foirgníocht | 18 Samhain 1880 | ||
Suíomh geografach | |||
Limistéar riaracháin | Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe | ||
Suíomh gréasáin oifigiúil | irishfa.com | ||
Stair
cuir in eagarBunú an CSÉ
cuir in eagarBunaíodh an CSÉ ar 18 Samhain 1880 mar chomhlacht uile-oileáin don shacar nuair a ghairm Mullach Imeanna cruinniú ar a d'fhreastail seacht gclub peile, a lonnaíodh sa cheantar Bhéal Feirste den chuid is mó. Dá réir, is an ceathrú cumann náisiúnta peile is sine ar domhan é an CSÉ (i ndiaidh Shasana, Albain agus na Breataine Bige). Ba iad na baill bunaithe: Alexander, Avoniel, Mullach Imeanna, Drioglann Lios na gCearrbhac, Cnoc, Páirc Mhagh nÉola agus an tSeanpháirc. Ba é an chéad chinneadh a rinne an CSÉ ná comórtas coirn dhúshláin a chur ar bun, a reáchtálfaí ar bhonn bliantúil, cosúil le comórtais Chorn an FA agus Chorn na hAlban, ar a tugadh Corn na hÉireann. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’imir Éire a céad cluiche idirnáisiúnta in aghaidh Shasana, inar chaill sí 13–0 (rud atá fós ina thaifead don dá fhoireann; an bua is mó riamh do Shasana, agus an chailliúint is measa d’Éirinn (Tuaisceart)).
An scoilt Thuaidh/Theas agus bunú Chumann Peile na hÉireann
cuir in eagarGo gairid i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann, i 1921, bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (CPÉ) mar chomhlachas comhraic, a rialódh an cluiche san Shaorstát Éireann nua. D'éirigh an scoilt go príomha as siocair conspóide faoi dtaobh den shuíomh ina d'athimreofaí Corn na hÉireann 1921 idir Chluain Teorann as Bhéal Feirste agus Síol Bhroin as Bhaile Átha Cliath. Nuair a chríochnaigh an chéad chluiche i mBéal Feirste ar chomhschór, loic an CSÉ ar ghealltanas go n-imreofaí an t-athimirt i mBaile Átha Cliath, mar gheall ar chogadh neamhspleáchais na hÉireann a bhí ar siúl, agus sceidealaíodh cluiche eile i mBéal Feirste. Dhiúltaigh Síol Bhroin géilleadh agus d'éirigh siad as an gCorn.[1] Bhí an oiread sin feirge faoin easaontas gur bhris Cumann Peile Laighean ón CSÉ chun a gcumann náisiúnta féin a bhunú. Chreid siad gur chóir an pheil á rialú ó phríomhchathair Shaorstáit na hÉireann, Baile Átha Cliath; agus chuir siad neamhaird a thabhairt do fhorbhairt an chluiche sa Deisceart i leith an CSÉ. D’áitigh lucht tacaíochta an CSÉ gur cheart go lonnófaí an foras san áit a n-imrítear an cluiche go príomha – Cúige Uladh, agus a phríomhchathair Béal Feirste.
Mhaígh an dá chumann ionadaíocht a dhéanamh don oileán ar fad, an dís ag iomaíocht go hidirnáisiúnta faoin ainm “Ireland” agus ag roghnú imreoirí as an dá shraith náisiúnta, a bhí scoilte chomh maith faoin am seo. Thug idirghabháil FIFA cearta eagraithe de jure don CPÉ thar 26 contae na Poblachta, agus an CSÉ teoranta do Thuaisceart na hÉireann. Ó na caogaidí i leith, níor mhaígh an CSÉ a thuilleadh go raibh iontu an cumann d’Éirinn ar fad. I 1960, bhog an cumann go hAscaill Windsor i ndeisceart Bhéal Feirste, i bhfoirgneamh a raibh Thomas Andrews ina chónaí tráth. Bhog an CSÉ arís in 2016 go dtí a shuíomh reatha ag an Staidiam Peile Náisiúnta i bPáirc Windsor, Béal Feirste.
Achoimre
cuir in eagar- 1880 - Bunaíodh an CSÉ i mBéal Feirste mar chomhlacht sacair uile-oileáin
- 1921 - Bunaíodh an CPÉ i mBaile Átha Cliath, ag déanamh ionadaíochta don Shaorstát
- 1936 - Thosaigh an CPÉ ag roghnú imreoirí ón Tuaisceart
- 1946 - Stadann an CPÉ imreoirí an Tuaiscirt a roghnú ("Poblacht na hÉireann" ó 1954)[2]
- 1950 - Stadann an CSÉ imreoirí an Deiscirt a roghnú ("Tuaisceart Éireann" ó 1954)[2]
Dá bharr sin,
- Rinne CSÉ (Tuaisceart na hÉireann inniu) ionadaíocht don Éirinn ar fad idir 1880-1950
- Rinne CPÉ (Poblacht na hÉireann inniu) ionadaíocht don Éirinn ar fad idir 1936-1946
In éineacht le cumainn na Náisiún Baile eile (Cumann Sacair Shasana, Cumann Peile na hAlban, agus Cumann Peile na Breataine Bige), suíonn an CSÉ ar Bhord an Chumainn Peile Idirnáisiúnta, atá freagrach as dlíthe an chluiche. Leanann an CSÉ foireann náisiúnta Thuaisceart na hÉireann a reáchtáil fosta.
Sacar na mBan
cuir in eagarIs é Cumann Sacair Ban Thuaisceart na hÉireann (CSBTÉ) craobh sacair na mban den CSÉ. Reáchtálann sé Corn na mBan, Sraith na mBan, raon de champaí sacair faoi aois[3] agus foireann sacair ban náisiúnta Thuaisceart na hÉireann. I mí Aibreáin 2014, bhagair Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thuaisceart na hÉireann Carál Ní Chuilín go laghdófaí maoiniú an CSÉ mura stopfadh sé ag caitheamh le sacar na mban mar “athsmaoineamh”.[4]
Uachtaráin
cuir in eagar- 1880–1889 An Tiarna Spencer Chichester
- 1889–1909 Marcas Doire, Charles Vane-Tempest-Stewart
- 1909–1912 Alexander H. Thompson
- 1912–1914 Hugh Hegan
- 1914–1945 An tUasal James McIlmunn Wilton
- 1945 – 1948 Austin Donnelly
- 1948–1957 Frederick J. Cochrane
- 1957-1958 Joseph MacBride
- 1958-1994 Harry Cavan
- 1995 Sammy Walker
- 1995-2007 Jim Boyce
- 2007-2010 Raymond Kennedy
- 2010–2016 Jim Shaw[5]
- 2016 – David Martin[6]
- Conrad Kirkwood[7]
Féach freisin
cuir in eagar- Ceist imeartha na peile ar lá Dé Domhnaigh
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Football Association of Ireland”.
- ↑ 2.0 2.1 Ryan (1997). "The Boys in Green: the FAI international story". Edinburgh: Mainstream Publishing. ISBN 1-85158-939-2.
- ↑ “Irish Football Association Camps”. pitchbooking.com. Dáta rochtana: 2022-04-20.
- ↑ Údar anaithnid (9 Aibreán 2014). "Irish Football Association must give girls equal status or I'll cut cash: Sports Minister Carál Ní Chuilin". Belfast Telegraph. Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
- ↑ Údar anaithnid (25 Samhain 2010). "Jim Shaw elected Irish Football Association President". Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
- ↑ Údar anaithnid (28 Iúil 2016). "David Martin elected as new IFA president at council meeting". Dáta rochtana: 18 Samhain 2024.
- ↑ “Irish FA staff”.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh gréasáin oifigiúil
- FIFA profile (curtha i gcartlann 4 Feabhra 2019)
- UEFA profile