Dátú radacarbóin
Modh dátaithe ábhar orgánach, atá suas le 60,000 bliain d'aois, is ea dátú radacarbóin.[1] Úsáidtear an t-iseatóp C-14 mar tháscaire i staidéar ar mheitibileacht sa bhitheolaíocht, agus dátú radaighníomhach.[2] Táirgtear an raidiseatóp carbóin, C-14, an t-am ar fad trí irnbhuailtí gathanna cosmacha le móilíní san ardatmaisféar, agus baintear feidhm as sin i ndátú carbón-14.
Teicníc
cuir in eagarIonsúnn ainmhithe is plandaí beo carbón, cuid de an t-iseatóp radaighníomhach C-14. Nuair a fhaigheann an t-orgánach bás ní thógann sé tuilleadh carbóin isteach, agus de réir mar a mheathann an C-14 ann, laghdaíonn a chodán den charbón iomlán ann. Bíonn an codán seo intomhaiste i sampla an-bheag, fiú, agus díreach i gcomhréir leis an bhfad ama ó bhás an orgánaigh.
Forbairt
cuir in eagarD'fhorbair Willard Libby an teicníc i 1948-1949. Tá dátú radacarbóin an-tábhachtach i ndátú seandálaíoch inniu. Tá sé feidhmiúil go 60,000 bliain ó shin.[3][2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ““dátú radacarbóin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ 2.0 2.1 Hussey, Matt (2011). "Dátú radacharbóin (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.
- ↑ "What's the greatest age that a thing can be able to be dated by carbon 14?" (en). Quora. Dáta rochtana: 2024-01-10.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |