Domhnall Ó Conchubhair
file Éireannach
(Athsheolta ó Dónall Ó Conchúir)
Ba fhile Gaeilge é Domhnall Ó Conchubhair.[1] Rugadh é ar an gCnoc Dubh, i bparóiste Chuileann, i nDúthalla sa bhliain 1847. D'fhreastail sé ar scoil Chuileann agus d'fhág sé nuair a bhí sé sé bliana déag d'aois. Chuir sé an-suim i gcónaí i gcúrsaí polaitíochta agus ina theanga dhúchais.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1847 An Cnoc Dubh |
Bás | 27 Meán Fómhair 1930 82/83 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Chuir an Gúm a dhuanaire i gcló den chéad uair sa bhliain 1932 faoin teideal Duanaire Dúithch' Ealla agus cuireadh athchló air sa bhliain 1935. Chuaigh sé as gcló le fada agus mar sin scaoileadh eagrán nua den leabhar darb ainm Duanaireacht Sruthán Dúthalla sa bhliain 1984.
Cailleadh Domhnall Ó Conchubhair ar an 27 Meán Fómhair 1930.
Ba é Seán Ua Cadhla a chuir na dánta in eagar den chéad uair agus murach é ní bheadh an leabhar againn.
Leabhar
cuir in eagar- Duanaireacht Sruthán Dúthalla, faoi eagar ag Séan Ua Cadhla, 1932
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CONCHUBHAIR, Domhnall (1847–1930) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-04-06.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |