Damnonii
Gan bheith measctha le: Dumnonii
Cineál | grúpa daoine aonraithe |
---|
Dream Briotainic den 2a haois AD ab ea na Damnonii (ar a nglaoitear Damnii fosta), a raibh cónaí orthu i Ríocht Strathclyde mar a bhí sa mheánaois, agus anois an Alba theas. Luaigh Ptolemy go hachomair iad ina leabhar Geographia, ina scríobh sé idir "Damnonii" agus "Damnii" orthu. Níl taifead stairiúil eile ann dóibh, seachas b'fhéidir le Gildas trí aois níos déanaí.[1] Moltar gur Briotainic é a bhfiníocht cultúir agus teangan. Níl taifead stairiúil leanúnach ann áfach, agus ní chuirtear bac ar bunús éigin Cruithneach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ De Excidio 28: inmundae leaenae damnoniae tyrannicus catulus constantinus "Constantine, an coileán tíoránta den leon shalach Damnonia". Creidtear scaití gurbh iad na Dumnonii den Bhreatain iardheisceart a bhí i gceist ag Gildas anseo, ach ó thaobh bunúis iarthuaiscirt de, féach mar shampla Lloyd Laing (1975), The Archaeology of Late Celtic Britain and Ireland c.400-1200 AD, Londain, lch. 102
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |