Tolamaes
Matamaiticeoir, réalteolaí, astralaí, geografaí agus teoiricí ceoil [1] ab ea Tolamaes (Gréigis:Πτολεμαῖος, Ptolemaios; Laidin:Claudius Ptolemaeus) a scríobh tuairim is dosaen tráchtais eolaíochta, trí cinn acu a bhí tábhachtach don eolaíocht Bhiosántach, Ioslamach, agus d'Iarthar na hEorpa. Is é an chéad cheann an tráchtas réalteolaíoch ar a dtugtar an Almagest anois, cé gur tugadh an Mathēmatikē Syntaxis air ar dtús (nó i nGaeilge: an Tráchtas Matamaiticiúil), agus tugadh An Tráchtas Mór air níos déanaí. Is é an dara ceann ná an Tíreolaíocht (Gréigis: Γεωγραφικὴ Ὑφήγησις, Geōgraphikḕ Hyphḗgēsis, nó sa bhrí litriúl; "Treoir Tíreolaíochta"), a bhfuil plé críochnúil ar léarscáileanna agus eolas geografach ar an domhan Gréag-Rómhánach. Is é an tríú ceann ná an tráchtas astralaíoch ina rinne sé iarracht an t-astralaíoch tuismeách a oiriúnú d'fhealsúnacht nádúrtha Arastataileach a linne. Tugtar an Apotelesmatika air seo uaireanta (sa bhrí litriúl: "Ar na hÉifeachtaí"). ach tugtar na Tetrábiblos air go coitianta, ón nGréigis Choiteann, a chiallaíonn "na Ceithre Leabhar", nó Quadripartiteh san Laidin.
Tolamaes | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Ptolemais Hermiou, thart ar 100, 87 |
Náisiúntacht | An tSean-Róimh |
Áit chónaithe | Cathair Alastair |
Bás | Cathair Alastair agus Canopus, thart ar 170 |
Oideachas | |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Gairm | |
Gairm | matamaiticeoir, tíreolaí, réalteolaí, astralaí, teoiricí ceoil, fealsamh, ceoleolaí, nathaí agus scríbhneoir |
Fostóirí | Leabharlann Chathair Alastair Cathair Alastair |
Saothar iomráiteach | Almagest Geografaíocht (Tolamaes) |
Daoine le tionchar air/uirthi | Arastotail |
Rinne sé obair freisin ar Optaic, solasairíonna, ina measc, frithchaithimh, athraonadh agus dathanna. Rinne sé hipitéis pláinéadach, Planisphaerium agus Analemma chomh maith.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Richter, Lukas (2001). "Ptolemy". Grove Music Online. Oxford: Oxford University Press. doi:10.1093/gmo/9781561592630.article.22510. ISBN 978-1-56159-263-0. Retrieved 25 September 2021. Teimpléad:Grove Music subscription