Is speiceas éisc é Danionella cerebrum a tuairiscíodh sa bhliain 2021 ó shruthanna moirtiúla airde ísle ar fhánaí theas agus thoir shliabhraon Bago Yoma i Maenmar, chomh maith le canáil uisciúcháin siar ó dheas ó bhaile Hmawbi i Rannán Yangon. [1] Aithníodh go hearráideach roimhe seo é mar Danionella translucida mar gheall ar dhlúthchosúlacht agus dáileadh geografach comhchosúil an dá speiceas. [1] [2] [3] Ní thomhaiseann éisc fhásta den speiceas ach 10-13.5 mm ó thaobh méide de agus níl iontu ach toirt inchinne 0.6mm3, arb í an inchinn veirteabrach fhásta is lú atá ar eolas go dtí seo. [1] [3] Taispeánadh go bhfuil cosúlachtaí idir larbhaí Danionella cerebrum agus difríochtaí ina ngníomhaíocht gluaiste freisin i gcomparáid leis an iasc séabrach (Danio rerio) a bhfuil dlúthbhaint éabhlóideach acu leis.. [2] [4]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDanionella cerebrum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdCypriniformes
FineDanionidae
GéineasDanionella
SpeiceasDanionella cerebrum Cuir in eagar ar Wikidata
Britz, 2021

Mar gheall ar a mhionmhéid, a réimse saibhir iompraíochta, agus a thréshoilseacht optúil a mhaireann agus é fásta, tá an-ghealladh fui Danionella cerebrum le haghaidh anailísí íomháithe in vivo uile-inchinn neamhionrach le taifeach aonchille i veirteabrach aosach, agus tá sé ag tosú ag teacht chun cinn mar córas eiseamláireach tábhachtach i dtaighde néareolaíochta reatha. [1] [2] [3] [4] [5] [6]

Déanann an speiceas an fhuaim is airde dá mhéid d'aon iasc, a sháraíonn 140 deicibeil, ag baint úsáide as matán chun loingeáin a theannadh; scaoiltear é seo chun an lamhnán snámha a bhualadh. Is cosúil go n-úsáidtear an fhuaim le haghaidh cumarsáide inspeiceasaí, toisc go gcuireann an líon fireannach is glóraí faoi chois táirgeadh fuaime na bhfireannach eile . [7]

Féach freisin cuir in eagar

  • 'The Guardian';One of world’s smallest fish found to make sound as loud as a gunshot

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Britz (2021-09-23). "The emerging vertebrate model species for neurophysiological studies is Danionella cerebrum, new species (Teleostei: Cyprinidae)" (as en). Scientific Reports 11 (1): 18942. doi:10.1038/s41598-021-97600-0. ISSN 2045-2322. PMID 34556691. Bibcode2021NatSR..1118942B.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":0" defined multiple times with different content
  2. 2.0 2.1 2.2 Rajan (2022-03-29). "Evolutionary divergence of locomotion in two related vertebrate species" (as English). Cell Reports 38 (13). doi:10.1016/j.celrep.2022.110585. ISSN 2211-1247. PMID 35354040.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":1" defined multiple times with different content
  3. 3.0 3.1 3.2 Schulze (November 2018). "Transparent Danionella translucida as a genetically tractable vertebrate brain model" (as en). Nature Methods 15 (11): 977–983. doi:10.1038/s41592-018-0144-6. ISSN 1548-7105. PMID 30323353.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":2" defined multiple times with different content
  4. 4.0 4.1 Lindemann (2022). "A comparative analysis of Danionella cerebrum and zebrafish (Danio rerio) larval locomotor activity in a light-dark test". Frontiers in Behavioral Neuroscience 16. doi:10.3389/fnbeh.2022.885775. ISSN 1662-5153. PMID 35990722.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":3" defined multiple times with different content
  5. Penalva (2018-10-16). "Establishment of the miniature fish species Danionella translucida as a genetically and optically tractable neuroscience model". bioRxiv: 444026. doi:10.1101/444026. 
  6. Kadobianskyi (2019-08-26). "Hybrid genome assembly and annotation of Danionella translucida" (as en). Scientific Data 6 (1): 156. doi:10.1038/s41597-019-0161-z. ISSN 2052-4463. PMID 31451709. Bibcode2019NatSD...6..156K. 
  7. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". BBC News.