De chophur in dá muccida

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, réamhscéal den Táin Bó Cuailnge is ea De sheachrán an dá mhuicí (Sean-Ghaeilge De chophur in dá muccida). Caomhnaítear dhá leagan éagsúla, ceann amháin sa Leabhar Laighneach, ceann eile in Egerton LS 1782 den 16ú haois. Measann scoláirí liteartha ámh go raibh leaganacha eile ann nach maireann, toisc is amhlaidh gur tiomsú é leagan amháin atá ar marthain, agus lena chois sin tagairtí atá le fáil sa scéal Togail Bruidne Da Derga.

Achoimre cuir in eagar

Tréadaí muice de rí sidhe na Connacht agus na Mumhan ba ea Friuch[1] agus Rucht.[2] De bharr achrann dearcáin eatarthu, chuaigh siad i mbun chomhrac iolchruthach aonair. D'athraigh stad féin ó riocht go riocht ina n-éin (Ingen agus Ette), ollphéisteanna mara (Bled agus Blod), fianna, gaiscí (Scáth agus Sciath), taibhsí, dragain agus cruimheanna nó péisteanna uisce (Cruinniuc agus Tuinniuc). Sa ríocht deireanach seo, shlog dhá bhó ag ól iad. D'éirigh na ba torrach agus thug dhá ghamhain tairbh ar an saol, a d'fhás ina dtairbh is cáiliúla na hÉireann. Ba iad na tairbh seo, Donn Cuailnge na nUladh agus Fionnbheannach na gConnacht, cúis an achrainn idir an dá chúige.[3]

Ag deireadh an scéil, thóg an tréadaí Friuch ainm a chéile comhraic, Rucht, agus thóg dhream an t-ainm Runce. Ní mínítear sa scéal cúis na malairte seo.[4]

Sanasaíocht cuir in eagar

Rinne Christine Dröge iarracht nasc a fháil idir an fhocal neamhfhianaithe chophur agus an téarma Sanscraite saṃsāra („seal brónach [na n-athshaoluithe]“).[5] Ní ghlactar leis an smaoineamh seo ámh d'athionchollú Ceilteach ag Ceiltígh eile.[6] Maidir le seo, féach fosta Tuan mac Cairill agus Fintán mac Bóchra.

Foinsí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. friuch ar eDIL
  2. ? 3 rucht ar eDIL
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 870.
  4. Sylvia & Paul F. Botheroyd: Lexikon der keltischen Mythologie, ll. 130, 282 ff.
  5. Christine Dröge: Ein irischer saṃsāra? Betrachtungen zur Frage der „keltischen Seelenwanderungslehre“. In: Zeitschrift für celtische Philologie. Eag. 39, 1982, ISSN 0084-5302, lch. 261 ff.
  6. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, ll. 914 ff.