Claude Debussy
Ba chumadóir Francach Claude Debussy (IPA: [klod aʃil dəbysi]) (22 Lúnasa 1862 – 25 Márta 1918). In éineacht le Maurice Ravel, ba cheann de mhór-chumadóirí na linne ar an stíl 'impriseanaíoch" é.[1]
Tá Debussy ar cheann de na cumadóirí Francacha is tábhachtaí sa 19ú/20ú haois. Ach ní bhfuair sé an t-aitheantas a bhí ag dul dó, fiú ag deireadh a shaoil. Bronnadh an 'Chevalier de la Légion d'honneur' air sa bhliain 1903, onóir bheag.[2] Ach níor ligeadh isteach in Institut de France[3] é riamh.[4]
Beatha
cuir in eagarAmach sna daichidí a bhí Debussy nuair a tháinig galar díblithe air. Diagnóisíodh é le hailse na drólainne in 1909. Rinneadh colastóime air sa bhliain 1915. Ní faoiseamh a fuair sé ach a mhalairt. Fuair sé bás, cúpla bliain níos déanaí, ar 25 Márta 1918 i bPáras. Ní raibh ach 55 bliain d'aois aige.
Bhí sochraid an-bheag air, agus an Cogadh Mór faoi lánseol.
Ceol
cuir in eagarD'úsáid Debussy cordaí bunaithe ar cheathracha go minic ina chuid ceoil.
Tréithe eile ː Cordaí; “armóin doiléir”; scálaí neamhghnácha; gach nóta cothrom; easpa lár-nóta tonúlachta, srl.[5]
Rince
cuir in eagarNuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l’après-midi d’un faune” – thóg an cur chuige avant-garde racán agus scannal dochreidte.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Politoske, Daniel T.; Martin Werner (1988). Music, Fourth Edition. Prentice Hall. p. 419. ISBN 0-13-607616-5.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-05-18. Dáta rochtana: 2010-12-20.
- ↑ "Institut de France" (as en) (2022-02-10). Wikipedia.
- ↑ Scríobh Camille Saint-Saëns, "... the door of the Institut [de France] must at all costs be barred against a man capable of such atrocities".
- ↑ COGG. "Scileanna Éisteachta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-22. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Breandán de Gallaí (M.F. 2009). "Théâtre Impérial du Châtelet" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-03-25.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |