Deichniúr Dearmadta
Le linn Chogadh na Saoirse sa bhliain 1920 agus 1921, chuir Rialtas na Breataine in Éirinn 10 fhear chun báis i bpríosún Mhuinseo; tugadh ‘An Deichniúr Dearmadta’ orthu.[1]
Baill | |
---|---|
Patrick Maher (Contae Luimnigh, - 7 Meitheamh 1921) Thomas Traynor (An Tulach, 27 Bealtaine 1881 - Príosún Mhuinseo, 25 Aibreán 1921). Saighdiúir Patrick Moran (14 Márta 1888 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Cúntóir Patrick Doyle (Baile Átha Cliath, 1892 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Cearpantóir Edmond Foley (An Gallbhaile, 1897 - Príosún Mhuinseo, 7 Meitheamh 1921) Thomas Bryan (Baile Átha Cliath, 1897 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Leictreoir Thomas Whelan (An Clochán, 5 Deireadh Fómhair 1898 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921) Bernard Ryan (Baile Átha Cliath, 1901 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921). Táilliúir Frank Flood (Baile Átha Cliath, 1 Nollaig 1901 - Príosún Mhuinseo, 14 Márta 1921) Kevin Barry (Baile Átha Cliath, 20 Eanáir 1902 - Príosún Mhuinseo, 1 Samhain 1920). Medical student (en) | |
Sonraí | |
Cineál | grúpa daoine |
Ba iad ‘An Deichniúr Dearmadta’ ná: Kevin Barry (básaíodh 1 Samhain 1920)[2], Patrick Moran, Thomas Whelan, Francis Flood, Bernard Ryan, Thomas Bryan agus Patrick Doyle (básaíodh 14 Márta 1921), Thomas Traynor[3] (básaíodh 25 Aibreán 1921) agus Patrick Maher agus Edmond Foley (básaíodh 7 Meitheamh 1921).
Tháinig ‘An Deichniúr Dearmadta’ ó gach cearn den tír, agus iad idir 18 agus 40 bliain d’aois. Bhí mná céile agus páistí ar chuid acu, Bhí cuid eile nach raibh ach i dtús a saol. Chuir arm na Bretaine faoi thriail iad, as dúnmharú, tréas agus cogadh a imirt, agus daoradh chun báis iad. Scaip scéal a mbásuithe ar fud an domhain. Ní hamhlaidh a ligeadh i ndearmad iad, ach fágadh curtha i bPríosún Mhuinseo iad ar feadh 80 bliain.
Ar an 14 Deireadh Fómhair 2001, dhí-adhlacadh naonúr den Deichniúr agus tugadh sochraid iomlán Stáit dóibh. Athchuireadh i gcré choisricthe iad i reilig Ghlas Naíon.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Deichnúr Dearmadta: Scéal na mbásuithe i bPríosún Mhuinseo le linn Chogadh na Saoirse" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-03-13.
- ↑ Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (ga). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.
- ↑ "Tullow (Gaeilge)" (en-GB). Carlow Tourism (2017-05-19). Dáta rochtana: 2022-03-14.
- ↑ Pádaí de Bléine (2020-10-28). "Scéal duine de na daoine ab óige a crochadh le linn Chogadh na Saoirse" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-03-14.