Denis Donaldson

polaiteoir as Béal Feirste

Iarbhall den IRA a bhí i Denis Donaldson, nó Donncha Mac Dónaill (1950 – 4 Aibreán 2006) a d’iompaigh ina sceithire don MI5, an feidhmeannach ba shinsearaí de chuid na Sealadach – idir IRA agus Shinn Féin – a bhí ina bhrathadóir.[1]

Infotaula de personaDenis Donaldson
Beathaisnéis
Breith1950
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Aibreán 2006
55/56 bliana d'aois
Na Gleannta, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirMI5 Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Gairm cuir in eagar

Chaith sé seal i gCarcair na Ceise Fada sna 1970idí.[2]

Sheas Donaldson i dtoghchán Westminster do Shinn Féin sa bhliain 1983. D’oibrigh sé mar riarthóir an pháirtí i dTionól Stormont ó lár na 1990idí.

Maíonn lucht faisnéise gurb é príomhról Donaldson tionchar a imirt ar phoblachtánaithe chun iad a bhogadh i dtreo na síochána sna 1990idí.[1]

Dúirt an feisire Parlaiminte Jeffrey Donaldson ón DUP go bhfuil seisean beo inniu, a bhuíochas do ghníomhaire a thug foláireamh dó faoi ionsaí a bhí beartaithe air.[1]

Ghabh an PSNI in 2002 é as a bheith ina bhall de bhuíon spiairí poblachtacha. Ach tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nach raibh sa ruathar a thug na póilíní ar oifigí Shinn Féin ach iarracht lena stádas mar phoblachtach sinsearach a dhaingniú agus a ról mar sceithire a cheilt.[2]

Feallmharú cuir in eagar

Dúirt Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams i mí na Nollag na bliana 2005 gur sceithire a bhí i Donaldson a bhí ag tabhairt eolais don PSNI agus don MI5.

Chuaigh Donaldson i bhfolach i nDún na nGall agus is ann a bhí sé nuair a tháinig iriseoirí air sna seachtainí sular maraíodh é.

Feallmharaíodh Donaldson ar 4 Aibreán 2006 sna Gleannta.[3] Thángthas ar chorp Donaldson i dteach saoire sna Gleannta ina raibh sé ina chónaí le cúpla mí i ndiaidh dó ráiteas a léamh ar RTÉ inar admhaigh sé gur sceithire a bhí ann.

Cuireadh an locht ar dtús ar an IRA Sealadach as an dúnmharú ach ghlac an Fíor-IRA freagracht trí bliana i ndiaidh a bháis.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Póilín Ní Chiaráin (25 Meán Fómhair 2016). "An bhfuil aon bhunús le maíomh na ‘spiairí’ gurbh iadsan a thug ar an IRA éirí as an bhforéigean?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  2. 2.0 2.1 2.2 Maitiú Ó Coimín (4 Aibreán 2016). "Muintir Denis Donaldson ag impí ar an nGarda Síochána a dhialann phearsanta a thabhairt ar láimh don Ombudsman" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
  3. "Denis Donaldson" (as en) (2022-06-01). Wikipedia.