Deonú orgán
Is é deonú orgán[1] nuair a thugtar orgáin agus fíochán sláintiúil go ndéanfar iad a thrasphlandú i nduine eile, le hiad a chur in ionad orgáin nach bhfuil sláintiúil. Is féidir an croí, na duáin, na scamhóga, an t-ae, an paincréas srl a dheonú le haghaidh trasphlandú.[2]
Ní dhéantar formhór na n-orgán a thrasphlandú ach tar éis duit bás a fháil. Ach is féidir le duán a dheonú nuair a bhíonn stíl mhaireachtála shláintiúil a bheith ag duine gan an t-orgán. Chun go ndéantar deontóir beo de dhuine, caithfear toiliú feasach a thabhairt.[2]
Ní úsáidfear d’orgáin, amanna, fiú más deontóir orgáin atá i gceist. Tá critéir leighis agus coinníollacha eile ann nach mór a shásamh.
Líonra Deontóirí na hÉireann
cuir in eagarIs grúpa de dhaoine aonair agus cumainn othar atá bainteach go díreach le trasphlandú orgáin, teaghlaigh dheontóirí agus comhordaitheoirí leighis atá bainteach i dtrasphlandú orgáin agus fíocháin é Líonra Deontóirí na hÉireann.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, organ donation
- ↑ 2.0 2.1 Citizensinformation.ie (2024). "Deonú orgán agus corp" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ donornetwork.ie/ (2017-09-05). "Líonra Deontóirí na hÉireann" (en-IE). IDN. Dáta rochtana: 2024-10-18.