Ar 22 Feabhra 2023, thug parlaimint Westminister a bheannacht do 'Dhlí Daithí', mar a thugtar air. Seo dlí maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann. Faoin reachtaíocht glacfar leis go bhfuil comhthoil ann chun orgáin a dheonú muna ndeirtear a mhalairt.[1][2] Ciallaíonn an dlí anois gur deontóir é gach duine fásta go huathoibríoch ach amháin sa chás go gcuireann duine a mhalairt in iúl.[3]

Bosca Sonraí DoiciméadDlí Dáithí
CineálAcht de chuid Thionól Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
2016: "Life Goes On" mórchlár fógraíochta, Sráid John, An Ómaigh

'Dlí Dháithí' a tugadh ar an dlí in onóir Dáithí Mac Gabhann, buachaill as Béal Feirste, a bhí seacht mbliana d'aois ag an am,ag fanacht le croí nua. Bhí Siondróm hipeapláiseach croí clé air nuair a rugadh é. De thoradh fheachtas fada a mhuintire, tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán. Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú.[4]

Ainneoin an dlí nua, d'achainigh athair Dáithí, Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d'fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú. Chomh maith le Dáithí, bhí suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua sa bhliain 2022. Fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe sa bhliain chéanna. Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua.[4]

Bhí ardú croí tugtha ag dlí nua i dTuaisceart Éireann do othair atá ag fanacht le trasphlandú orgáin agus níos mó deontóirí orgán cláraithe in 2023/2024 ná mar a bhí riamh.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Tús Áite / RnaG (22 Feabhra 2023). "Dlí Dáithí" (as ga-IE). 
  2. "Dáithí's Law on organ donation clears final hurdle in Commons" (en-GB) (2023-02-22). Dáta rochtana: 2023-11-22.
  3. 3.0 3.1 Áine Ní Ghallchóir / Nuacht RTÉ (2024-06-01). "Ardú croí tugtha ag Dlí Dháithí do othair trasphlandaithe" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-11-22). "Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua" (as ga-IE).