I dtarchur is taifeadadh fuaime is físe, tiontú an chomhartha analógaigh (a chódaíonn d'fhuaimthonnta nó gile íomhá) atá ag athrú go leanúnach ina shraith luachanna códaithe uimhriúla.

Digitization of Sound - Digital Preservation.png
tonnta fuaime

Déantar an bunchomhartha a shampláil ag eatraimh rialta, minic a dhóthain chun na hathruithe sa chomhartha a léiriú, agus sanntar sraith cainníochtaí scoite uimhriúla don luach meandarach. Déantar iad a chur i ngrúpaí (bearta) de chomharthaí simplí air/as, 1/0 (giotáin), atá deacair a dhíchumadh is éasca a ionramháil. Sa ghlacadóir tiontaítear an comhartha digiteach ar ais ina chomhartha leanúnach analógach le léiriú mar fhuaim nó íomhá.

Chun mionsonraí míne teilifíse a thaifeadadh is a atáirgeadh, is gá sampláil a dhéanamh 13.5 milliún uair gach soicind (13.5 MHz) le bearta 8 ngiotán chun 256 leibhéal gile a chuimsiú le hard-dílseacht.

Maidir le fuaim, is leor an tsampláil a dhéanamh ag 48 kHz, ach is gá bearta 20 giotán chun an scála déine iomlán fuaime a chuimsiú.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar