Cur síos ar a ghrinne a atáirgeann córas taifeadta nó atáirgthe an comhartha a taifeadadh leis ar dtús. Mar shampla, i dtaifead ceoil le téipthaifeadán, cruthaítear comhartha leictreonach ón gceolfhuaim le micreafón, le gach minicíocht sa cheol, 20 Hz-20 kHz, raon na fuaime inchloiste, athraithe chuig comhartha leictreonach ar an minicíocht chéanna le haimplitiúid atá díreach i gcomhréir le hamplitiúid na minicíochta céanna sa cheol. Aimplítear an comhartha seo. Taifeadtar an comhartha i bhfoirm athruithe ar staid mhaighnéadaithe ábhair mhaighnéadaigh ar an téip. Nuair a athchastar an téip, cruthaítear comhartha leictreonach, aimplítear é, agus athraítear ina fhuaim é le callaire. Ag gach céim de na próisis seo, is féidir go mbeidh roinnt neamhghrinnis ann. Airítear an neamhghrinneas iomlán in aonad ar a dtugtar díchumadh harmónach iomlán. Nuair a bhíonn luach íseal ag an airí seo i gcóras ar bith, is córas ard-dílseachta é.[1]

Ard-dílseacht
  1. Hussey, Matt (2011). "Ard-dílseacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 47.