Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin

Is éard is dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin[1] (nó CD-ROM) ann ná meán stórála ríomhaire, bunaithe ar an dlúthdhiosca caighdeánach 25 mm, le ceadúnas ó chomhlachtaí Sony is Philips, a úsáidtear de ghnáth chun closchomharthaí a stóráil. Is féidir le diosca amháin níos mó ná 600 meigibheart sonraí ríomhaire a stóráil, cuid mhaith níos mó ná diosca crua maighnéadach den mhéid céanna. Is dioscaí léimh amháin an chuid is mó de na dlúthdhioscaí seo. Cuirtear na sonraí orthu le linn a ndéanta agus, ní hionann is an diosca crua, ní féidir iad a athrú. Is é an phríomhfheidhm a bhaintear astu ná toirteanna móra eolais a chur ar fáil, cosúil le ciclipéidí is bunachair. Le scríbhneoir CDanna, feiste cosúil le dioscathiomáint, is féidir scríobh ar CD-ROM inscríofa (féach CD-RCD-RW) agus é a úsáid cosúil le diosca flapach.[2]

Infotaula equipament informàticDlúthdhiosca cuimhne inléite amháin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “CD-ROM” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 217.