Dolours Price
Óglach de chuid an IRA Sealadach ab ea Dolours Price (16 Nollaig 1950 i Béal Féirste - 23 Eanáir 2013).[1] Iníon de chuid Albert Price agus Christina Price agus deirfiuir de chuid Marian Price ab í. Chaith sí saol eachtrúil neamhghnách mar sceimlitheoir.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Nollaig 1950 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 23 Eanáir 2013 62 bliana d'aois Mullach Íde, Éire |
Siocair bháis | Cliseadh croí |
Áit adhlactha | Reilig Bhaile an Mhuilinn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí polaitiúil |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Stephen Rea (1983–2003) |
Siblín | Marian Price |
Saol
cuir in eagarChuaigh Price san IRA in 1971. Chuaigh sí i mbun robála (agus í gléasta mar bhean rialta uair amháin).
D'admhaigh Dolours Price gur thiomáin sí Jean McConville chuig a bás i gCo Lú in 1972 agus go raibh beirt eile ina teannta nuair a dúnmharaíodh í. I leabhar le Patrick Radden Keefe, deirtear ann gur deirfiúr Dolours, Marian Price a scaoil marbh McConville.[3]
Ise a thiomáin Joe Lynskey chun láthair a bháis chomh maith in 1972 agus cuireadh dhá philéar ina cheann.[4][5]
Rinne sí ruathar buamála ar an Old Bailey in 1973. Gabhadh í agus chaith sí tréimhse i bpríosún, 1973-1980.
Phós Price an t-aisteoir Stephen Rea in 1983 agus bhí beirt chlainne orthu. Fuair siad colscaradh in 2003.
In 1998 agus le linn na 2000idí, rinne Price cáineadh géar ar a hiarchomrádaí Gerry Adams.
Thug sí lámh ina bás féin (de bharr ródháileog drugaí) is cosúil ar an 23 Eanáir 2013.[1]
In 2013, tugadh téipeanna Dolours Price ó chomhaid Boston College ar láimh don SPTÉ.[6] Tháinig leabhar Patrick Radden O’Keefe amach in 2018, saothar a bhain úsáid as agallaimh a rinne Price agus daoine eile le Boston College mar chuid den Belfast Project.[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Price, Dolours | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-14.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (21 Samhain 2024). "Léamh Disney+ ar na Trioblóidí róghar don chnámh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-11-01). "Séanta ag Marian Price gurb í a scaoil marbh Jean McConville" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (20 Meán Fómhair 2018). "Na ‘Disappeared’ agus crá croí gan staonadh a muintire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "Disappeared IRA victim and Provo 'love triangle'" (en). Irish Independent (2014-12-07). Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ RnaG (2013-07-08). "Póilín Ní Chiaráin: Tuairisceoir RnaG, Béal Feirste." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-22.
- ↑ "Say Nothing: A True Story of Murder and Memory in North…" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2024-11-22.