Donnchadh Mac Fhionnlaoich
Is polaiteoir é Donnchadh Mac Fhionnlaoich[1][2] nó Dinny McGinley mar is fearr aithne air as Béarla (rugadh 27 Aibreán, 1945 i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall) atá ina Theachta Dála agus ina Aire Stáit Gaeltachta. Is ball é den pháirtí polaitíochta Fine Gael.
Donnchadh Mac Fhionnlaoich | |||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||
Márta 9, 1982 - Samhain 4, 1982 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982
Nollaig 14, 1982 - Eanáir 20, 1987 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, Samhain 1982
Márta 10, 1987 - Bealtaine 25, 1989 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1987
Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1989
Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Márta 9, 2011 - Feabhra 3, 2016 District: Donegal South–West (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||
Eolas breithe | Gaoth Dobhair, Aibreán 27, 1945(75 bliain d’aois) | ||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||
Alma mater |
Coláiste Phádraig, Droim Conrach An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | ||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fine Gael |
CúlraCuir in Eagar
Rugadh Mac Fhionnlaoich i nGaoth Dobhair, áit ina bhfuil cónaí air go fóill. Fuair sé a chuid oideachais dara leibhéal i gColáiste Íosagáin, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí; Coláiste Phádraig, Droim Conrach; agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim BA amach. D'oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht. Bhí an post deireanach múinteoireachta aige i mbunscoil áitiúil i nGaoth Dobhair, Scoil Chonaill, An Bun Beag, áit ar chaith sé roinnt blianta ag feidhmiú mar phríomhoide.
Saol PolaitíochtaCuir in Eagar
Toghadh Mac Fhionnlaoich den chéad uair go Dáil Éireann le linn an olltoghacháin i mí Feabhra, 1982. Bhí réimse leathan freagrachtaí air agus é ar bhinse tosaigh Fhine Gael: urlabharaí ar son Cúrsaí Óige (1987-88); An Ghaeltacht (1988-91); An Ghaeltacht agus Leas Imirceach (1991-94); Cúrsaí Óige (1994); Ealaíona, Oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hOileáin (2001-02); Cosaint (2002-04); agus Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (2004-07). Ceapadh é mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mí an Mhárta 2011, tar éis d'Fhine Gael comhrialtas a bhunú le Páirtí an Lucht Oibre.
Bhí Mac Fhionnlaoich ina Chathaoirleach ar an gComhchoiste don Ghaeilge idir 1995 agus 1997. Is iarbhall é den Chomhchoiste Cúrsaí Sóisialacha agus Mionghnó agus tá sé ina bhall de Thionól Parlaiminte na Breataine agus na hÉireann ó bhí 1993 ann. D'fhógair sé i mí an Mheithimh 2006 go mbeadh sé ag éirí as an bpolaitíocht ag Olltoghchán 2007, ach d'athraigh sé an cinneadh seo i mí Feabhra 2007 mar gur mheas sé go mbeadh seans níos fearr aigesean an dáilcheantar a chosaint ar son Fhine Gael ná mar a bheadh ag iarrthóir nua. D'éirigh leis an suíochán a bhaint in athuair san Olltoghchán i mí na Bealtaine 2007.
Chuaigh sé ar scor san Olltoghchán 2016.