Is speiceas feoiliteach de phlanda bláthanna, a fhásann i bportaigh, i riasca agus in eanaigh, é Drosera rotundifolia, nó an drúchtín móna[1], Ar cheann de na speicis drúchtíní is forleithne, tá dáileadh imbhóireach aige, atá le fáil i dtuaisceart na hEorpa ar fad, cuid mhór den tSibéir, i gcodanna móra de thuaisceart Mheiriceá Thuaidh, sa Chóiré agus sa tSeapáin ach tá sé le fáil freisin chomh fada ó dheas le California, Mississippi agus Alabama i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Nua-Ghuine .

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDrosera rotundifolia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN168798 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineDroseraceae
GéineasDrosera
SpeiceasDrosera rotundifolia Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
 
Duilleog rotundifolia Drosera ar eangach 0.1-orlach

duilleoga an drúchtín móna eagraithe i mbonnróiséad. Tacaíonn na peitíní fada caola, gruagacha, 1.3 go 5.0-ceintiméadar, lanna fada cruinne 4 go 10 milliméadar. Tá dromchla uachtarach na linne clúdaithe go dlúth le ribí faireogacha dearga a thálann gumalacht greamaitheach.

Tá trastomhas de thart ar 3 go 5 ceintiméadar ag gnáthphlanda, agus tá bláthra 5 go 25-ceintiméadar ar airde. Fásann na bláthanna ar thaobh amháin de ghas caol maol a eascraíonn as lár róiséad na duille. Bán nó bándearg i ndath, táirgeann na bláthanna cúig-pheitil síolta 1.0-go-1.5-milliméadar, donnfhionn, caol, barrchaolaithe.. [2]

Sa gheimhreadh, táirgeann D. rotundifolia gnáthóg chun maireachtáil sna coinníollacha fuar. Is éard atá anseo ná bachlóg de dhuilleoga atá cuachta go docht ar leibhéal na talún.

  1. “Drosera rotundifolia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Regents of the University of California (1993). "The Jepson Manual: Higher Plants of California". Berkeley, California: University of California Press.