Duolingo
Séard atá i gceist le Duolingo ná suíomh idirlín agus aip atá tiomnaithe d'fhoghlaim teangacha. Ardán sluafhoinsithe le haghaidh aistriúchán téacsanna atá ann chomh maith.
Sa bhliain 2023, bhí os cionn 40 teanga ar fáil d’fhoghlaimeoirí teanga ar an aip Duolingo – idir mhórtheangacha agus mhionteangacha an domhain.[1]
Tá Duolingo deartha sa bhealach go gcuidíonn an foghlaimeoir le leathanaigh ghréasáin agus cáipéisí eile a aistriú de réir mar a dhéanann sé nó sí dul chun cinn sa phróiseas foghlamtha.
Úsáid
cuir in eagarAn Béarla an teanga is mó éileamh ar domhan. Bhí sé ar bharr an liosta i 135 tír – ardú 10% ar an mbliain seo caite. Tá os cionn 20 cúrsa Béarla ar fáil ar Duolingo – Béarla don Fhrainciseoir, Béarla don Spáinniseoir agus araile.[2]
Cuireadh cúrsa Béarla ar fáil in 2024 a bhí go huile is go hiomlán i mBéarla den chéad uair: "Ardleibhéal Béarla". Is é an ceann sin anois an dara cúrsa is mo éileamh sa tSín, sa Cholóim, i Meicsiceo, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ba iad na deich dteanga ba mhó éileamh in 2024 – an Béarla, an Spáinnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an tSeapáinis, an Iodáilis, an Chóiréis, an tSínis, an Phortaingéilis, agus an Hiondúis.[2]
Léirítear i bhfigiúirí Duolingo gurb iad lucht foghlama na Gàidhlig agus na Breatnaise an dream is mó a dhéanann ceachtanna ar an aip gach uile lá. Tá an t-eolas bunaithe ar líon na bhfoghlaimeoirí a raibh ‘rith’ nó ‘streak’ 14 lá nó níos mó acu ar an 14 Eanáir 2023. Ar bharr an liosta bhí lucht foghlama na Gàidhlig, sa dara háit bhí lucht foghlama na Breatnaise, bhí na foghlaimeoirí Giúdaise sa tríú háit, agus bhí dhá theanga Lochlannacha – an Ioruais agus an tSualainnis – sa cheathrú agus sa chúigiú háit faoi sceach.[1]
Gaeilge
cuir in eagarSeoladh an cúrsa Gaeilge i mí Lúnasa na bliana 2014 agus tráth dá raibh bhí sé ar cheann de na deich gcúrsa ba mhó ar an aip. Tá an tóir atá ar an nGaeilge ídithe ó shin agus na cúrsaí Laidine, Gréigise, Tuircise, agus Polainnise – i measc roinnt eile – gaibhte chun cinn uirthi.[2]
Is í an Ghaeilge an fichiú teanga is mó ar domhan atáthar a fhoghlaim ar Duolingo (in 2024) agus tuairim is "2.02 milliún" foghlaimeoir cláraithe leis an gcúrsa. Ní thugann Duolingo aon bhriseadh síos ar an bhfigiúr sin áfach – ní fios cé mhéad duine a chríochnaigh oiread is ceacht amháin féin i ndiaidh dóibh clárú.
Sa bhliain 2017, dheimhnigh Duolingo gurbh iad an Tuircis agus an Ghaeilge an dá theanga ba lú a ndéanadh lucht úsáide na haipe dul chun cinn leo. Rinneadh athrú suntasach ar an gcúrsa Gaeilge in 2023, nuair a rinne Duolingo an cinneadh an intleacht shaorga a úsáid in áit cainteoir dúchais Gaeilge do na míreanna éisteachta ar an aip.
In Éirinn
cuir in eagarBa í an Ghaeilge an dara teanga is mó a bhíothas a fhoghlaim in Éirinn ar an aip in 2024. Go dtí an bhliain 2021 ba í an teanga náisiúnta an teanga ba mhó a bhítí a fhoghlaim ach tháinig athrú air sin in 2022 nuair a sciob an Spáinnis an chéad áit ar an liosta. Is í an Spáinnis is mó atá á foghlaim ag úsáideoirí Duolingo in Éirinn ó shin, agus an Ghaeilge sa dara háit.[2]
Stair
cuir in eagarChuir Luis von Ahn, ollamh ag Ollscoil Carnegie-Mellon in Pittsburgh, Duolingo ar bun in éineacht le Severin Hacker, mac léinn iar-chéimí leis. Bhain von Ahn úsáid as an deontas a fuair sé ón bhfondúireacht MacArthur agus le maoiniú ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta.
Oibríonn an córas leis na hardáin iOS, Android agus Chrome.
Tá oifigí Duolingo suite in Shadyside, comharsanacht in aice Carnegie-Mellon, agus bhí 32 duine fostaithe ann sa bhliain 2012.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 NÓS (25 Eanáir 2023). "Lucht foghlama na Gàidhlig na foghlaimeoirí ‘is díograisí’ ar Duolingo" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-31.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Maitiú Ó Coimín (4 Nollaig 2024). "An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir ar Duolingo in Éirinn in 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-19.