Eachtra Mhacaoimh an Iolair

Scéal de chuid Scéalaíocht rí Artúir is ea Eachtra Mhacaoimh an Iolair.[1] Faightear freisin Eachtra an Mhadra Mhaoil sa scéalaíocht úd.

Stair an téacs cuir in eagar

Scríobhadh an lámhscríbhinn ag scríobhaithe éagsúla le linn na 18ú haoise. Le fianaise na teangan, ámh, is féidir a rá go dtéann an scéal siar go dtí an 15ú/16ú haois.

Tá tionchar le feiceáil ann de nós Artúir na hÍsiltír, mar shampla an fhocail ridire ('Ritter'). Thosaigh teagmháil mhíleata agus síochánach idir Éirinn agus Flóndras sa bhliain 1167, nuair a tháinig Gallóglaigh Normannacha agus de chuid Fhlóndras go hÉirinn.

In ainneoin suíomh eachtrannach an scéil, is léir gur cuid de shean-nós miotaseolaíocht na hÉireann é an scéal seo. Ní hionann is seanscéalta Artúraíochta, feictear draíocht agus geasa ann. Ní fhágtar san Eachtra ach lua don rí faoin teideal 'Rí an Domhain'.

Ábhar cuir in eagar

Bhí aighneas i measc mhac rí Shorcha agus oidhreacht ar a bhun. Phós an mac is sine, ar a glaodh Ridire na Seilge, le banríon na Scitiach agus tháinig i gcoróin. Mharaigh a dheartháir, Ridire an Ghaisirdh, é agus chuir sé a bhean torrach i ngéibhinn ina chloigtheach. Thug sí mac ar an saol ann, ach ghabh iolar é a leag é ar Charraig na mBuanna (Carrthad na mBuaidh) ar Mhaigh na nIontas (Máigh na nIongnadh) os comhair chúirt rí Artúir. Tógadh macaomh an iolair ag an rí agus bhain sé barr dá chairde uile as a bheart is as a ghaois.

Chuaigh an macaomh ar tóraíocht a bhunúis, mar ba ghá do ridirí san Artúraíocht. I bhfad uaidh, chonaic sé bean, a cairde leagtha a chodladh le ceol fheadóg airgid, á fuadach ag ridire éigin. Chuaigh sé ar tóir Ridire an Cheoil úd, ina churach draíochta ar nós Immram.

Bhuail sé le triúr fathach agus cailín gafa acu, agus chloígh sé iad. Scaoil sé an cailín agus rinne cleamhnas léi. Le cabhair ó ridire dílis, d'aimsigh sé cloigtheach Ridire an Cheoil. Léim sé de mhórphreab isteach sa túr, scaoil sé bean a bhí gafa ann agus thug leis í chuig Artúr, a phós í.

Ar a tóraíocht arís, shroich sé an Scitia, áit a bhí a mháthair tar éis éalaithe. Bhí an tír seo faoi cheannas mharfóir a athar, ridire an Ghaisirdh. Chloígh agus maraíodh macaomh an iolar é, agus tháinig i gcoróin i ríocht Sorcha.

Sanasaíocht cuir in eagar

Is dócha go bhfuil nasc anseo leis an Scitia mar bhaile dúchais de mháthair an mhacaoimh, agus an sanasaíocht Scitia/Scotia. I Leabhar Gabhála na hÉireann, feictear ginealaigh Sciatach le haghaidh nanGael (féach Fénius Farsaid, Agnomain).

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar