Eaglais Chill Fhoirtchearnáin

Is eaglais Chríostaí Cheilteach ón 10ú haois í Eaglais Chill Fhoirtchearnáin atá suite i gContae Cheatharlach, Éire. Tógadh é ar fothrach de séipéal adhmaid a deirtear a thóg Fortiarnán sa 5ú haois AD.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Eaglais Chill Fhoirtchearnáin
Íomhá
Sonraí
CineálEaglais Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Cheatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 38′ 02″ N, 6° 51′ 13″ O / 52.6339°N,6.8536°W / 52.6339; -6.8536
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir393
Gníomhaíocht
DeoiseDeoise Chill Dara agus Leithghlinn

Tá Séipéal Chill Fhoirtchearnáin suite i ndeisceart Chontae Cheatharlach, siar ó thuaidh ó Stua Laighean agus timpeall 6 km soir ó thuaidh ón Bhuiríos.[1]

Stair agus seandálaíocht

cuir in eagar

Bhunaigh Naomh Fortichern, easpag, duine de ghaibh Naomh Pádraig agus múinteoir Naomh Finnian de Chluain Ioraird, mainistir ar an suíomh seo sa 5ú hAois. Rinneadh suíomh den mhainistir a bhfuil cáil uirthi as a cuid foghlama ar feadh na mílaoise tar éis a bunaithe. Is é an t-aon cuid infheicthe de seo ná fothracha an aireagail a tógadh sa 10ú haois. Mar sin féin, d'aimsigh suirbhé seandálaíochta in 2001 rianta d'fhoirgnimh mhainistreacha faoin mbóthar. Séipéal agus trí fhoirgneamh tacaíochta a bhí iontu seo a tógadh as adhmad, a raibh díonta tuí orthu agus ballaí déanta de chré nó de chlocha. Bhí an suíomh seo ar gach taobh den bhóthar agus é dírithe ar Chrosaire Chill Uachtairnín. Fuair an suirbhé le fios freisin go raibh sé ar shuíomh eaglais fráma adhmaid ón 8ú haois níos luaithe a bhí an fad céanna leis an aireagal fothrach ach a bhí i bhfad níos leithne, sular tógadh an t-aireagal atá ina fhothrach anois. Fuair siad amach freisin adhlacadh Neoiliteach faoin aireagal. Fuarthas amach sa suirbhé go raibh suas le 25 foirgneamh ar an suíomh i Chill Fhoirtchearnáin.[2] Bhí cloigtheach ag an mhainistir a bhí suite siar ó thuaidh de bhalla thoir an Aireagail timpeall 20 slat, bhí airde 29 m (96 tr) agus scriosadh é sa 13ú haois tar éis dó a bheith buailte ag tintreach. Leathnaíodh an mhainistir sa Mheánaois nuair a tógadh séipéal mór déanta as carraig ar a raibh díon scaineagáin adhmaid mar aon le hotharlann, suanlios agus seomraí ranga. Sa 14ú haois cuireadh na foirgnimh deiridh leis, arís as carraig, agus ba iad seo halla léachta, seomra níocháin agus áit chónaithe.[2]

An foirgneamh

cuir in eagar

Tá an séipéal déanta as eibhir áitiúil cóirithe le casúr, le ballaí 80 cm (2⅔ tr) le tiúis. Tá umar baiste i gcúinne amháin, agus tá antae ar gach taobh.[3] Léirigh obair sheandálaíochta fianaise de reilig Neoiliteach.[4]

Tobar Naomh Fhoirtchearnáin

cuir in eagar

Seasann tobar beannaithe agus altóir trasna an bhóthair. Tháinig oilithrigh roimhe seo ó Chontae Loch Garman trasna Shléibhte An Staighrí Dhubh ag lorg leigheasanna míorúla. Sa 19ú haois thángthas ar chailís (ar a dtugtar an Chailís Braganza, tar éis theach an easpag i gCeatharlach)[5][6] agus paiteana, iad araon inleagtha airgid le hór, i bhfolach sa tobar. Bhí inscríbhinn ar an chailís ón mbliain 1595 agus creidtear go raibh sé i bhfolach le linn na ré na Péindlítha nuair a cuireadh faoi chois an Caitliceachas Éireannach.[7] Coinnítear iad i dteach an pharóiste i Muine Bheag.[8]

  1. 'The White Church' : Church”. megalithomania. Dáta rochtana: 27 March 2020.
  2. 2.0 2.1 St Fortiarnans Church”. Irish Genealogy Projects. Dáta rochtana: 27 March 2020.
  3. Killoughternane – Cill Uchtarnáin – Church of Fortiarnán (Fortchern) :: Carlow Trails”. trails.carlowtourism.com.
  4. Killoughternane Church, Carlow, Ireland” (19 April 2015).
  5. Bicentenary Booklet – Ballinkillen Church”. bagenalstownparish.ie. Dáta rochtana: 22 October 2016.
  6. Braganza Villa, Carlow”. rootsweb.ancestry.com. Dáta rochtana: 22 October 2016.
  7. RootsWeb.com Home Page”. www.rootsweb.ancestry.com.
  8. Myshall & Drumphea Parish, Co. Carlow, Ireland - History - Killoughternane Church and Well”. www.myshalldrumphea.com.