Eaglais Choláisteach San Nioclás

Is í Eaglais Choláisteach San Nioclás an eaglais mheánaoiseach is mó in Éirinn atá go fóill in úsáid mar eaglais pharóiste. Tógadh í timpeall na bliana 1320 ar shuíomh séipéil a bhí ann roimhe sin. Ag an am sin, tógadh an chórlann, an chroslann agus corp na heaglaise. Le linn na séiú aois déag, nuair a bhí rath mór ar chúrsaí tráchta na Gaillimhe, méadaíodh an eaglais agus cuireadh taobhroinn thuaidh agus theas uirthi; tógadh an chroslann theas, Séipéal na Naomh Shacraiminte, agus an cloigtheach. Tá an eaglais coiscrithe do San Nioclás, Easpag Mhíora san Áise Bheag sa 4ú céad. Cé gur mar naomh-phatrún na bpáistí (Santa Claus) is fearr a bhfuil cáil air anois, le linn na meánaoiseanna is mó a bhí cáil air mar phátrún na mairnéalach. Is é sin an chúis gur gnáth go mbíonn eaglaisí coiscrithe dó i gcalafoirt fharraige a tógadh sna meánaoiseanna ar nós na Gaillimhe. Tá an eaglais i seilbh Eaglais na hÉireann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Eaglais Choláisteach San Nioclás
Íomhá
Ainmnithe in ómósNaomh Nioclás
Sonraí
CineálEaglais
Foirgníocht14 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Tiomnaithe doNaomh Nioclás
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGaillimh, Éire
Map
 53°16′22″N 9°03′13″W / 53.27277°N 9.05366°W / 53.27277; -9.05366
Gníomhaíocht
DeoiseDiocese of Tuam, Killala and Achonry (en) Aistrigh
ReiligiúnEaglais na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúilstnicholas.ie
Facebook: stnicholasgalway Twitter: stnicholas1320 Youtube: UCj55U_UP9OmSGwfZSMJeHeQ Cuir in eagar ar Wikidata
Taobh istigh na heaglaise.
Bunchló urláir na hEaglaise

Stádas Coláisteach cuir in eagar

Ardaíodh an eaglais chuid an stádais seo ar an 28ú Meán Fómhair sa bhliain 1484, trí litreacha faoi shéala an ardeaspaig Donatus Ó Muireadhaigh, Ardeaspag Tuama, an bhliain chéanna a bhfuair Cathair na Gaillimhe a Chairt Ríoga. Deimhníodh stádas na heaglaise ar an 8ú Meán Fómhair sa bhliain dár gcionn, tríd bhulla de chuid an Phápa Innocentius VIII (Super Dominicum Gregem).

Bardlathas na Gaillimhe cuir in eagar

Nótaí staire cuir in eagar

 
Taobh amuigh,ar an taobh thoir

Sa bhliain 1652, tar éis léigear naoi mí, gabh fórsaí Chromail an chathair. Deir an béaloideas gur scrios cuid mhaith d'earraí na heaglaise, agus gur úsáid siad an foirgneamh mar chóir dá gcapaill. Deirtear chomh maith gur cinnte go raibh Críostóir Colambas ag Aifreann anseo sa bhliain 1477, agus gur féidir gur thug scéala a chuala sé faoi Naomh Breandán an Loingseoir, manach Éireannach a sheol go Meiriceá sa 6ú aois, spreagadh dó dul ag lorg tíortha san iarthar.

Earraí suimiúla cuir in eagar

Umar Baiste cuir in eagar

Rinne é ag deireadh na 16ú nó na 17ú aoise, agus is álainn an snoíodóireacht ata air. Tá cosúlacht idir dhá thaobh de agus snoíodóireacht ar fhuinneoga ón 16ú aois ata san eaglais. Ar thaobh amháin ta fleur-de-lys, triskele agus madra. Tá an t-umar seo in úsáid go fóill.

Crois Cheilteach cuir in eagar

Tá Crois Cheilteach mhór in aice leis an bhfalla thuaidh mar leacht chuimhneacháin ar mhuintir an pharóiste a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda (1914-'18).

Dhá bhratach cuir in eagar

Tá dhábhratach ar crochadh ar dhá thaobh doras Shéipéal na naoimh Shacraiminte. Is iad seo Meirgí Catha a bhí ag na Connaught Rangers, rannán den Arm a cuireadh le chéile sa bhliain 1793, a throid i rith na gCogaí Leithinseacha (1808-1814).

Clocha na nGairm Bheatha cuir in eagar

Ar urlár na taobhroinne thuaidh tá cnuasach leac uaighe, agus chuid acu tá comhartha slí bheatha an duine mhairbh. Ar ceann amháin acu ta trí chasúr a bhfuil corónacha orthu, comhartha órcheardaí. Ar cheann eile tá comhartha saoir chloiche, agus ar cheann eile fós comhartha díoltóra olla (madra ar iall agus deimheas). Ar chlocha eile tá comharthaí a bhaineann le cúipéir nó siúinéir, agus le táilliúir. Nuair a deisíodh an eaglais thángthas ar trí nó ceithre creatlach daoine a hadhlacadh le chéile sa láthair seo.

Séipéal na Naomh Shacraiminte cuir in eagar

Ag an mbealach isteach go dtí an séipéal tá léachtán nó deasc léitheora déanta as cloch. Is féidir gur athraíodh é ó phroinnteach 'Teach an Choláiste' a bhíodh gar do thaobh thiar na heaglaise, agus a leagadh sa bhliain 1836. Nuair a bhíodh béilí ar siúl sa phroinnteach, bhíodh ball den chomhthionól ina sheasamh ag léachtán ag léamh sleachta ón mBíobla. Tá piscina(áit a nitear soithí naofa) gar don altóir, a rinneadh as sean leac uaighe: agus tá cloch ghreanta ón 15ú nó 15ú aois sa bhalla os cionn an dorais. Is cosúil gur bhain an chloch seo le tuama, agus gur cuireadh anseo í nuair a deisíodh an eaglais sna 1950í. Baineann ainm an tséipéil leis an nós meánaoiseach an sacraimint a choimeád i séipéal ar leith.

An Benitier (Umar Uisce Coiscrithe) cuir in eagar

 
Umar Uisce Coisriche, 'An Benitier'.

Rud an-neamhchoitianta is ea an Benitier, nó Umar Uisce Coiscrithe, a sheasann leis féin. baineann sé le deireadh an 15ú céad, nó tús an 16ú céad. Is gnáth go mbíodh umair mar seo greamaithe don bhfalla. Ar an gcloch sileáin os cionn doras an chlogáis, in aice leis an leabharlann, tá sníodóireacht ó na meánaoiseanna a thaispeánann cú na bhflaitheas ar thóir giorria an anama trasna droichead na síoríochta. In airde os cionn an dorais ta 'Ailéar na Lobhar', agus ainneoin an ainm sin níl ann ach slí isteach go dtí an clogás os a chionn. Ar aghaidh an áiléir tá clocha greannta ar nós na cloiche atá sa taobh-shéipéal, a cuireadh anseo i rith deisiúcháin na 1950uí.

Leabharlann Henry cuir in eagar

Sa taobhroinn thuaidh, cuid den eaglais a samhlaítear le muintir French. Tá níos mó ná 4,500 leabhair anseo, a caomhnaíodh le linn scéim Rialtais FÁS. Is sampla maith an cnuasach seo de leabharlann ó aimsir na Banríona Victoria, agus ba leis an Oirmhinneach Joseph Henry D.D. í. Aistríodh an Leabharlann ó Ardeaglais Naomh Mhuire, Tuaim. Ar choirbéal taobh istigh sé dhoras na leabharlainne tá snoíodóireacht ón 16ú céad d'fhear agus greim aige ar dhá chraobh fhíonchaor.

An Trasnú cuir in eagar

Sa seomra os cionn an trasnú tá cling deich gclog a rinneadh i mblianta éagsúla ó 1590 go 1895.

An Phuilpid cuir in eagar

Tógadh an phuilpid i gcuimhne an Ró-Oirmhinneach James Daly., Bardach deireanach na heaglaise.

An Chórlann cuir in eagar

Tá an chórlann sa chuid is sine den eaglais, mar a mbíodh eaglais níos sine fós. I measc airithe suimíúla anseo tá suíochán cloiche nó sedelia, piscina beag, agus 'cathaoir an Easpaig' a bhfuil forscáth uirthi.

Orgán Walker (1912) cuir in eagar

Tá an t-orgán suite istigh san áit a mbíodh Séipéal Naomh Pádraig. Bhíodh an chéad orgán sa chroslann theas, os cionn tuama James Lynch. Tá cuntas gur ag tús an 19ú céad, sar ar ceannaíodh an t-orgán, go raibh beirt bhan le cláirseacha ag tionlacan an cheoil.

Tuama na Churadh Chroise cuir in eagar

Tá an tuama seo i Séipéal Chríost, ón 13ú nó an 14ú aois agus is é seo an tuama is sine san eaglais. Is féidir gur aistríodh é ó shéipéal na Ridirí Teamplóir, a scriosadh sa bhliain 1324. Tá inscríbhinn air i bhFraincis Normannach, agus tá cros ghreanta mar oirnéaladh air.

Croslann na Loinnseach cuir in eagar

I rith na 16ú aoise, mhéadaigh muintir Lynch an chroslann theas, agus tugtar 'Croslann na Loinnseach' uirthi ó shin.

Fuinneog an Athrú Gné cuir in eagar

Is sampla maith de ghloine dhaite Éireannach í seo.

Tuama an Ghréasaí cuir in eagar

Sa bhfalla, ta cros ón 16ú céad greanta i stíl na hAthbheaochana Ceilteacha. Rinneadh í i gcuimhne gréasaí agus a mhná.

Colún an ábhar saor cloiche cuir in eagar

An Póirse Theas cuir in eagar

Tógadh an póirse, ata stá ina stuach, sa 15ú céad, agus cuireadh an doras air sa 16ú céad. Tá 'ceann beag' de dhuine i bhfolach sa bhfríos ornaideach; b'fhéidir go raibh féith an ghrinn sa bhfear a dhealbhaigh é. Os cionn an phóirse, ta seomra beag, a mbíodh cruinnithe ag bardas na Gaillimhe ann tráth., agus ona dhiaidh sin ar chónaigh an sacraisteoir ann. An sacraisteoir deireanach a bhí ina chónaí ann, thóg sé ochtar clainne san áit.

Fuinneog Loinnsigh cuir in eagar

Tá na fhuinneog seo amuigh idir na ráillí ar an taobh thuaidh den eaglais. Séard ata ann na roinnt píosaí saoirseacht chloiche ó na meánaoiseanna, a cuireadh le chéile sa 19ú céad.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar