Eduard Buchner

Ceimiceoir Gearmánach (Duais Nobel sa Cheimic I 1907)

Ceimiceoir agus símeolaí Gearmánach ab ea Eduard Alois Buchner (20 Bealtaine 1860 - 13 Lúnasa 1917), ar bronnadh Duais Nobel sa Cheimic air sa bhliain 1907, as a chuid oibre ar choipeadh .

Eduard Buchner
Eduardbuchner.jpg
Saol
Eolas breitheMünchen, 20 Bealtaine 1860
NáisiúntachtImpireacht na Gearmáine
Áit chónaitheMünchen
BásFocșani, 13 Lúnasa 1917
Áit adhlacthaFocsani German Soldiers Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Céile/CéilíLotte Stahl (en) Aistrigh
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Ludwig Maximilian, München
Ollscoil Theicniúil München
Ollscoil Erlangen-Nürnberg
Leibhéal oideachaisollamh
Stiúrthóir tráchtaisJohann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm
Gairmbithcheimiceoir, ceimiceoir agus múinteoir ollscoile
Áit oibreBeirlín, Wrocław agus Tübingen
FostóiríOllscoil Tübingen
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Wrocław
Ollscoil Würzburg
Ollscoil Ludwig Maximilian, München
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Duais Nobel i bhFiseolaíocht nó Leigheas
(1902)
Duais Nobel i bhFiseolaíocht nó Leigheas
(1904)
[[Nobel Prize in Chemistry (en) ]]
(1905)
[[Nobel Prize in Chemistry (en) ]]
(1907)
BallraíochtAcadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda

BeathaisnéisCuir in Eagar

LuathbhliantaCuir in Eagar

Rugadh Buchner i München le lia agus Dochtúir Urghnách an Leighis Fhóiréinseach. Ba é a dheartháir ba shine Hans Ernst August Buchner . [1] Sa bhliain 1884, chuir sé tús le staidéir ar cheimic le Adolf von Baeyer agus ar luibheolaíocht le Carl Nägeli, ag Institiúid na Luibheolaíochta i München. Tar éis tréimhse ag obair le Hermann Emil Fischer in Erlangen, bronnadh dochtúireacht ar Bhuchner ó Ollscoil München i 1888 faoi Theodor Curtius . Fuair sé bás i gCath Mhărășești agus tá sé curtha i reilig shaighdiúirí na Gearmáine ó Fhocșani, an Rómáin.

TaighdeCuir in Eagar

Is éard a bhí i gceist sa turgnamh ar bhuaigh Buchner an Duais Nobel dó ná úsc giostach saor ó chealla a tháirgeadh agus a thaispeáint go bhféadfadh an “t-úscbhrúite” seo siúcra a choipeadh. Bhuail seo buille eile don bheathúlachas trína thaispeáint nach raibh gá le cealla giosta beo le haghaidh coipeadh. Táirgeadh an t-úsc saor ó chealla trí chealla giosta tirim, grianchloch agus cré dhiatómúil a chomhcheangal agus ansin na cealla giosta a bhrú le moirtéar agus tuairgnín. D’éireodh an meascán seo tais ansin de réir mar a thiocfadh ábhar na gcealla giosta as na cealla. Nuair a bheadh an chéim seo déanta, chuirfí an meascán tais trí phreas agus cuireadh glúcós, fruchtós, nó maltós leis an “t-úscbhrúite” agus chonacthas go dtiocfadh dé-ocsaíd charbóin chun cinn, uaireanta ar feadh laethanta. Níor léirigh imscrúdú micreascópach aon chealla giosta beo san úsc. Rinne Buchner hipitéis go

dtálann cealla giosta próitéiní ina dtimpeallacht d’fhonn siúcraí a choipeadh, ach fuarthas amach ina dhiaidh sin go dtarlaíonn coipeadh laistigh de na cealla giosta. Mhaígh Maria Manasseina gur aimsigh sí coipeadh saor ó chealla glúin níos luaithe ná Buchner. [2]

Cé go gcreideann cuid go n-ainmnítear an fleascán Büchner agus an tonnadóir Büchner dó, ainmnítear iad i ndáiríre don cheimiceoir tionsclaíoch Ernst Büchner . [3]

Bronnadh Duais Nobel sa Cheimic sa bhliain 1907 ar Bhüchner .

Saol pearsantaCuir in Eagar

Phós Buchner Lotte Stahl i 1900. Ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda liostáil sé san arm agus d’éirigh sé aníos go céim Maor i gceannas ar aonad iompair muinisin ar an Fronta Thiar agus Thoir. I Márta 1916 d’fhill sé ar Ollscoil Wurzburg. In Aibreán 1917 liostáil sé arís. An 11 Lúnasa 1917, agus é lonnaithe i Focșani, an Rómáin, bhuail blog sliogáin é agus fuair sé bás dhá lá ina dhiaidh sin. .

FoilseacháinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Asimov, Asimov's Biographical Encyclopedia of Science and Technology 2nd Revised edition
  2. Cornish-Bowden, Athel (1999). "The Origins of Enzymology" (as en). The Biochemist 19 (2): 36–38. Dáta rochtana: 2017-10-18.  Curtha i gcartlann 2014-08-26 ar an Wayback Machine
  3. Jensen, William (2006). "The Origins of the Hirsch and Büchner Vacuum Filtration Funnels". Journal of Chemical Education 83 (9): 1283. doi:10.1021/ed083p1283. Bibcode2006JChEd..83.1283J. 

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar