Eitilt United Airlines 811
Ar 24 Feabhra 1989, b'éigean do eitleán le comhlacht 'United Airlines', Eitilt 811, tuirlingt éigeandála a dhéanamh nuair a séideadh ceann de dhoirse an eitleáin amach le linn na heitilte. Maraíodh naonúr.[1][2]
| ||||
Cineál | timpiste eitlíochta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 24 Feabhra 1989 | |||
Suíomh | an tAigéan Ciúin , an tAigéan Ciúin , Honolúlú, SAM | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | uncontrolled decompression (en) | |||
Líon básanna | 9 | |||
Líon gortaithe | 38 | |||
Líon na marthanóirí | 346 | |||
Eachtra
cuir in eagarD'imigh an t-eitleán ó Honolulu, Havái ar a shlí go Auckland. 21 nóiméad níos déanaí, agus an t-eitleán fós ag ardú san aer, tharla an eachtra ag airde 6,700 - 7,000 m.
Súdh naonúr.paisinéirí amach as an eitleán. Bhí ceann amháin ionghafa i scairdinneall fiú. Bhí na créatúir ag eitilt sa ghrád gnó. Níor thángthas riamh ar na coirp, seachas na baill phearsanta a bhí i scairdinneall uimhir a trí.[3]
Gortaíodh 38 eile a bhí fágtha san eitleán. nó le linn an éalaithe as an eitleán ar an rúidbhealach. B'éigean don Jumbo dul ar ais agus tuirlingt éigeandála a dhéanamh ag aerfort Idirnáisiúnta Honolulu, Haváí. Idir éirí de thalamh agus tuirlingt, mhair an eitilt 31 nóiméad.[4]
Chreid na píolótaí ag an am gur phléasc buama. Ar 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am (Eitilt 103) i Loch Earbaí san Alban. Ach bhí fabht struchtúrach i gceist an uair seo. Eitleán de dhéantús 'Boeing 747' (Jumbo) a bhí ann, a thosaigh ag eitilt in 1970.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Mark Finlay (2024-01-13). "Another Door Disaster 35 Years Ago: The Story Of United Airlines Flight 811" (en). Simple Flying. Dáta rochtana: 2024-02-24.
- ↑ "United Airlines Flight 811 | A Short Documentary | Fascinating Horror" (as en) .
- ↑ "Panic Over The Pacific – The Crew Of United Airlines Flight 811" (en) (2021-02-24). Dáta rochtana: 2024-02-24.
- ↑ "The Disaster Of United Airlines Flight 811 | Unlocking Disaster | Mayday : Air Disaster (4K)" (as en) .