Ar 21 Nollaig 1988, maraíodh 270 duine nuair a phléasc buama ar bord eitilte de chuid Pan Am i Locarbaidh na hAlban. Sceimhlitheoireacht Libiach státurraithe a bhí i gceist.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPan Am Eitilt 103
Íomhá
Map
 55°07′16″N 3°21′19″W / 55.121091°N 3.355293°W / 55.121091; -3.355293
Cineáltimpiste eitlíochta
ionsaí sceimhlitheoireachta
buamáil eitleáin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Nollaig 1988 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLocarbaidh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna243 paisinéir
16 foireann
Locarbaidh: 11 saoránach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí0 Cuir in eagar ar Wikidata

Deirtear gur ordaigh Qaddafi buamáil Loch Earbaí le díoltas a bhaint amach ar an ionsaí a rinne SAM ar a theach cónaithe, inar maraíodh a iníon altrama dhá bhliain d’aois, dhá bhliain roimh Loch Earbaí. "Ach bhí lámh ag Iosrael sa scéal sin chomh maith...".[1][2]

Cuimhneachán i reilig Locarbaidh
Cuimhneachán i reilig Arlington, Virginia

Cúlra cuir in eagar

Sna 1980idí, bhí an Libia faoi réimeas an Choirnéil Gaddafi, deachtóir a bhí imeallaithe ag mórán mar thoradh ar a chuid tacaíochta do ghrúpaí sceimhlitheoireachta, an tIRA ina measc.[3] ‘Mad dog of the Middle East,’ a bhí baiste ag an Uachtarán Reagan air go drochmheastúil agus in ábhar cartlainne d’fhógair an t-iriseoir Eamonn McCann gurb é a bhí ag éirí thiar as gach eachtra sceimhlitheoireachta san Eoraip sna hochtóidí. Ba é an sléacht a bhain le buamáil Pan Am 103 os cionn Locarbaidh na hAlban an eachtra ba mhíchlúití acu.

An sceimhlitheoir cuir in eagar

Cúisíodh Abdel Baset al Megrahi agus gearradh príosúnacht saoil air sa bhliain 2001.[4] Chuir muintir na Libia fáilte mhór roimh al Megrahi nuair a scaoileadh saor é sa bhliain 2009 ar bhonn atrua.[1]

Iarmhairtí cuir in eagar

D'imigh an comhlacht Pan AM, an aerlíne is is cáiliúla i SAM ag an am, bancbhriste sa bhliain 1991.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Maidhc Ó Cathail (2009). "An fhírinne faoi Loch Earbaí á ceilt" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-22.
  2. Guardian Staff (1999-04-17). "What if they are innocent?" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-12-22.
  3. Breandán M Mac Gearailt (2019). "LÉIRMHEAS: Cur síos breá ar thuras ait imreoirí saonta na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-22.
  4. "Abdelbaset al-Megrahi" (as en) (2021-12-20). Wikipedia. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar