Eitiléin
Hidreacarbón den fhoirmle CH2=CH2 is ea eitéin, le fiuchphointe -104 °C. Gás gan dath, an chéad bhall de shraith na n-ailcéiní. Ceimiceán tábhachtach tionsclaíoch a pholaiméiríonn go dtí poileitiléin. Nuair a bhíonn sí i láthair mar rianghás, brostaíonn sí aibiú torthaí. Is í an hidreacarbón is simplí í.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |