Eleanor Hull

scríbhneoir agus scoláire na Sean-Ghaeilge

Scoláire mór Gaeilge ba ea Eleanor Henrietta Hull (15 Eanáir 186013 Eanáir 1935), nó Eibhlín Ní Choill.[1]

Infotaula de personaEleanor Hull

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1860
Contae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Eanáir 1935
74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Alexandra Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aistritheoir, iriseoir, scoláire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairEdward Hull

Musicbrainz: 52780104-85fd-4770-b81c-403aa5d463a3 Cuir in eagar ar Wikidata
"Cuchulain Slays the Hound of Culain", léaráid le Stephen Reid as The Boys' Cuchulain, leabhar le Eleanor Hull, 1904

Rugadh í ar 15 Eanáir 1860. Ba é an geolaí Edward Hull a hathair agus ba í Mary Catherine Henrietta Cooke, iníon dochtúra as Cheltenham i Sasana, a máthair. I Manchain a rugadh Eleanor ach chaith sí blianta tosaigh a saoil i mBaile Átha Cliath. Bhí ainm an cheoil uirthi agus í óg.

I gColáiste Alexandra agus i gColáiste Ríoga na hEolaíochta a fuair sí oideachas, agus d’fhreastail sí ar chúrsa Sean-Ghaeilge i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i 1909. D’fhoghlaim sí Gaeilge ó Staindis Mac an Aodhaigh Ó Gráda agus rinne staidéar ar an léann Ceilteach faoi threoir Kuno Meyer, Holger Pedersen agus Robin Flower. Bhí an-suim aici sa litríocht agus i gcultúir iasachta. I Londain bhí sí ina huachtarán ar Chumann Liteartha na hÉireann, ina rúnaí ag an gCumann Ríoga Áiseach agus ina ball de chomhairle an Chumainn Bhéaloidis.

Scríobh sí a lán leabhar. Chuir sí Lives of the Celtic Saints in eagar agus scríobhadh don Celtic Review, don Literary World agus Folklore Journal. Rinneadh sí léirmheastóireacht do The Times.

Bhí sí ar bhunaitheoirí Chumann na Scríbheann Gaeilge i 1896, agus tar éis a báis rinne Robin Flower tagairt dá dúthracht – “her disinterested enthusiasm, ceaseless industry, and gracious and tactful gift in negotiation”.

Fuair sí bás i Londain ar 13 Eanáir 1935.

Liosta leabhar cuir in eagar

  • The Cuchulain Saga in Irish Literature. Londain: David Nutt 1898 [1]
  • Pagan Ireland. Baile Átha Cliath: M.H. Gill & Son, 1904, [2]
  • Early Christian Ireland. Londain: David Nutt, 1905, [3]
  • A Text-Book of Irish Literature. M.H. Gill & Son 1906–8 (2 iml.), [4]
  • Cuchulain the Hound of Ulster. Nua-Eabhrac: Thomas Y. Crowell Company, 1909, [5]
  • The Poem-Book of the Gael. Chicago: Browne & Howell Company, 1913, [6]
  • The Northmen in Britain. Nua-Eabhrac: Thomas Y. Crowell Company, 1913, [7]
  • A History of Ireland and her People. 2 iml., 1926–1931. Athchló G. G. Harrap & Company Ltd, 1972, [8]
  • Folklore of the British Isles. Methuen & Co. 1928.

Tagairtí cuir in eagar