Elizabeth Malcolm

staraí Astrálach

Scoláire dearscnaitheach sa léann Éireannach is ea Elizabeth Malcolm. As Sydney di ó dhúchas, ach tá sí ina hollamh anois in Ollscoil Melbourne tar éis tréimhse fhada a chaitheamh in Éirinn agus in áiteanna eile thar lear.[1] Tá taighde déanta aici ar stair shóisialta na nÉireannach sa bhaile agus i gcéin, agus suim ar leith aici sna rudaí a leanas: an t-ól, cultúr na ndaoine, tithe na ngealt, galracha agus ospidéil, coiriúlacht agus póilíní, forneart agus cuimhne, an imirce agus stair na mban. Tá cuntas tugtha aici freisin ar staireolaíocht na hÉireann agus ar fhás an Léinn Éireannaigh.

Infotaula de personaElizabeth Malcolm
Beathaisnéis
Breith1948
75/76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Tá sí ina Comhalta den Royal Historical Society agus den Academy of the Social Sciences san Astráil. Bhí poist aici in Ollscoil New South Wales, in Ollscoil Trondheim agus in Ollscoil Tromsø san Iorua, in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus in Ollscoil Learphoill. Faoi láthair is í Uachtarán Chumann Léinn Éireannaigh na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ISAANZ) í agus is í comheagarthóir an Australasian Journal of Irish Studies í.

Tá dlúthbhaint aici leis an obair mhór scoláiriúil atá á déanamh in Melbourne le tamall anuas ar ghnéithe de dhúchas na hÉireann, agus tairbhe á bhaint as an méid mór acmhainní atá ann.

Tagairtí cuir in eagar

Roinnt leabhar agus alt cuir in eagar

The Irish Policeman, 1822-1922: a Life, Dublin: Four Courts Press, 2006

In éineacht le C.H. Mahony, L. Izarra, J.P. Harrington agus O. Pliny, The Future of Irish Studies: Report of the Irish Forum, Prague: Charles University Press, 2006

Ina heagarthóir le G. Jones, Medicine, Disease and the State in Ireland, 1650-1940, Cork: Cork University Press, 1999

Elderly Return Migration from Britain to Ireland: a Preliminary Study, Dublin: National Council for the Elderly, Report No. 44, 1996

Swift's Hospital: a History of St Patrick's Hospital, Dublin, 1746-1989, Dublin: Gill and Macmillan, 1989

'Ireland Sober, Ireland Free': Drink and Temperance in Nineteenth-Century Ireland, Dublin: Gill and Macmillan, 1986

E. Malcolm agus D. Hall, '"The Rebels Turkish Tyranny": Understanding Sexual Violence in Ireland during the 1640s', Gender and History, 22, 1 (April 2010), 55-74.

E. Malcolm, '10,000 Miles Away: Irish Studies Down Under' in Liam Harte agus Yvonne Whelan (eag.), Ireland Beyond Boundaries: Mapping Irish Studies in the 21st Century, London: Pluto Press, 2006, 32-45.

E. Malcolm, '"What would people say if I became a policeman?" (Ned Kelly) The Irish Policeman Abroad' in Oonagh Walsh (eag.), Ireland Abroad: Politics and Professions in the Nineteenth Century, Dublin: Four Courts Press, 2003, 95-107.

E. Malcolm, '"Ireland's Crowded Madhouses": the Institutional Confinement of the Insane in Nineteenth- and Twentieth-Century Ireland' in Roy Porter agus David Wright (eag.), The Confinement of the Insane: International Perspectives, 1800-1965, Cambridge: Cambridge University Press, 2003, 315-33.

E. Malcolm, 'Hospitals in Ireland' in Angela Bourke et al (eag.), The Field Day Anthology of Irish Writing. Volume V. Women's Writing and Traditions, Cork and New York: Cork University Press and New York University Press, 2002, 705-21.

Naisc cuir in eagar

Nicholas M. Wolf

Niall Ó Ciosáin

Val Noone