Eoghan Béal
Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Eoghan Béal mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Eógan Bél mac Cellaig) (bás 542[1]). Ardrí Ailill Molt ba ea a sheanathair.[2] Tháinig sé i gcoróin an éigin tar éis na bliana 500.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | c. 547 |
Teaghlach | |
Páiste | Ailill Inbanda, Cellach Chill Ala |
Duine muinteartha | Ailill Molt (seanathair) |
Le linn a réimis, bhíodh fíoch idir é agus Uí Néill an Tuaiscirt. Cloíodh na Connachta ag Aidhne sa bhliain 531 agus an Ardrí cumhachtach Muircheartach mac Muireadhaigh de Chineál Eoghain i gcoróin.[4]
Sa bhliain 537, bhuaigh Uí Fhiachrach Aidhne faoi cheannas a rí, Goibnenn mac Conaill, ag Cath Claenloch (gar do Cenél Áeda na hEchtge, Contae na Gaillimhe) in éadan Mhaine mhic Cearbhaill (deartháir Dhiarmada mhic Cearbhaill) Uí Néill an Deiscirt, a maraíodh.[5] Bhí ceart ghialla Uí Mhaine a ghabháil á chosaint ag Goibhneann. Mar thoradh suntasach an chatha seo, scaradh níos mó Uí Mhaine ó Chineál Mhaine na Mí, agus Uí Néill óna Connachta.[6]
I ndeireadh na dála, tharla Cath Sligigh sa bhliain 542 idir Eoghana agus Uí Néill an Tuaiscirt, inar maraíodh Eoghan.[7] De réir na n-annál, Fearghas agus Domhnall mic Muircheartaigh, i dteannta le hAinmhire mac Séadna agus Ninnid mac Duach de Chineál Chonaill, ba ea na buaiteoirí. Tá an rann seo maidir leis an cath le feiceáil i nAnnála na gCeithre Máistrí:
“ |
Fichter cath Ua Fiachrach Ar-celt[10] Slicech do mur Troidtear cath Uí Fhiachrach Beireann Sligeach go muir |
” |
Insítear a mhalairt mar scéal an chatha sa dán Meán-Ghaeilge, Caithréim Cellaig, a deir gur ghaiscíoch mór uasal é Eoghan honourable. Dar leis an dán, bhuaigh Eoghan an cath ach go bhfuair sé goin a bháis agus d'éag sé sa bharr níos déanaí. Adhlacadh é ina sheasamh ar nós na bpágánach ag Ráith Ua Fiachrach ar Chnoc na Riabh, agus a gha dearg ina láimh aige mar dhúshlán Uí Néill an Tuaiscirt. Tháinig fir Uí Néill ina dhiaidh sin, bhain siad a chorp agus chuir é ar a bholg ag Aonach Loch Gile i gcríocha Cineáil Chairbre.[12] De réir béaloidis áitiúil, maítear gur adhlacadh Eoghan faoin tuama cúirte ag Machaire Chon Rois.[13]
Insítear sa dán gur dhalta Ciarán Chluain Mhic Nóis, ba ea Ceallach mac Eoghain, agus gur mharaigh go fealltach é ag fir Uí Fhiachrach Aidhne. Cé go bhfeictear sa dán pearsana a bhaineann le ré eile, creideann Byrne go dtugann sé le fios nós d'aighneas idir géaga tuaisceartach agus deisceartach Uí Fhiachrach.[14]
Tháinig a mhac Ailill Inbanda i gcomharbacht air.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Annals of Tigernach
- Annals of the Four Masters
- G.Keating, History of Ireland
- T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Book of Leinster, Section 30
- Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
- The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- [[Corpus of Electronic Texts]
- A Middle Irish Poem on Eogan Bél from Stowe MS B iv 2 at Thesaurus Linguae Hibernicae
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
- ↑ Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
- ↑ Dar le Céitinn, bhí réimeas 35 bliain aige; tugtar réimeas 37 bliain dó sa Leabhar Laighneach, chuid 30
- ↑ M526.3
- ↑ ACM 531.2
- ↑ Byrne, lch. 92
- ↑ ACM 537.3
- ↑ géisid, géis, búir, béic, ar eDIL
- ↑ sernaid, searn, cuir in ordú catha, ar eDIL
- ↑ ?
- ↑ ilach
- ↑ Byrne, lch. 244
- ↑ Magheraghanrush ar themodernantiquarian
- ↑ Byrne, lch. 244