Eoghan Rua Mac an Bhaird

file Éireannach

File as Cill Bharúin i gContae Dhún na nGall ab ea Eoghan Rua Mac an Bhaird (c1570-c1630) a thaistil go dtí an Mhór-Roinn le Ruairí Ó Domhnaill i 1607 san eachtra ar a dtugtar fós Teitheadh na nIarlaí agus a chum caointe ar mhór-uaisle na nGael a cailleadh ann.

Tír ChonaillCuir in Eagar

Ba i gCill Bharúin i dTír Chonaill thart faoin mbliain 1570 a saolaíodh Eoghan Rua Mac an Bhaird de shliocht filí an Bhaird, filí oidhreachtúla Uí Dhomhnaill. Cailleadh a athair, Uilliam Óg Mac an Bhaird, sa bhliain 1576, agus chum sé an dán 'Rob soraidh t'eachtra a Aoidh Ruaidh' nuair a d'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne ag iarraidh cabhrach i 1602. Phós sé Máire Ní Chléirigh, agus bhí sé féin ar dhuine den teaghlach a fuair pardún ó Shasana nuair a tháinig deireadh le Cogadh na Naoi mBliana i 1603.

An Mhór-RoinnCuir in Eagar

D'imigh sé thar sáile i gcuideachta Uí Dhomhnaill (Ruairí) agus Uí Néill (Aodh Mór) i Meán Fómhair na bliana 1607. Chuaigh sé ó Fhlóndras go dtí an Róimh, agus as sin ar ais go Flóndras. Bhí sé sa Róimh arís idir 1613-1625. Ar an Mór-Roinn chaoin sé Ruairí agus Cafarr Uí Dhomhnaill sa dán a chum sé dá ndeirfiúr Nuala 'A bhean fuair faill ar an bhfeart', agus ceaptar gur aistrigh sé leabhar ar chúrsaí míleata d'Aodh mac Ruairí mar chuid den fheachtas chun ionsaí a dhéanamh ar Éirinn as an Ísiltír i 1625-27.

Mac leis ab ea an sagart Proinsiasach Aodh Buí Mac an Bhaird (c1591-1635) a bhí ina ghairdian ar Choláiste na nGael (Coláiste Naomh Antaine i Lobháin). Bhí mac eile leis freisin sna Proinsiasaigh, Fearghal Óg Mac an Bhaird a crochadh in Éirinn i 1642.

Eoghan Rua Mac an Bhaird sa LitríochtCuir in Eagar

Déantar léiriú ficseanúil ar Eoghan Rua Mac an Bhaird agus ar a mhac, Aodh Buí, in An Cléireach, úrscéal le Darach Ó Scolaí.

TagairtíCuir in Eagar

  • Beathaisnéis 1560-1781, Maire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar 2001
  • Imeacht na nIarlaí, Tomás Ó Fiaich & Pádraig de Barra, 1972
  • An Cleireach, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac 2007