Féile Scannán Idirnáisiúnta an Daingin

Reáchtálann Féile Scannán Idirnáisiúnta Dhrioglann an Daingin[1] i gCo Chiarraí i mí na Samhna.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFéile Scannán Idirnáisiúnta an Daingin
Cineálféile Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: ev0012600 Cuir in eagar ar Wikidata
Daingean Uí Chúis

Eagraíocht cuir in eagar

Bíonn na scannáin á dtaispeáint in ionaid éagsúla i nDaingean Uí Chúis, mar atá, An Díseart, Óstán na Sceilge agus Amharclann an Beehive sa Daingean, agus in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin.

Bronnfar gradam luach €5,000, urraithe ag Drioglann an Daingin, ar an ngearrscannán is fearr, dar leis na moltóirí.[3]

Gach bliain bíonn scannán á dhéanamh i gcomhpháirt le Cúrsa Léiriúcháin Scannáin agus Teilifíse Chiarraí, go mbíonn baill den phobal áitiúil bainteach leis agus meantóireacht á déanamh air ag daoine gairmiúla ón bpobal sin.[2]

2022 cuir in eagar

Sa bhliain 2022, bhí breis agus 80 fadscannán agus gearrscannán a fheiscint i gcaitheamh na féile. Bhí 30 léiriúchán Éireannach ann agus an chuid eile ag teacht ó cheithre hairde an domhain.

Bhí spéis faoi leith á cur in Klondike a rinneadh san Úcráin. Bhí an scannán dírithe ar an gcoimhlint i réigiún an Donbass sa bhliain 2014.

Gaeilge cuir in eagar

Bíonn rogha mhaith fadscannán agus gearrscannán as Gaolainn ar taispeáint chomh maith. Sa bhliain 2022, bhí an fadscannán Tarrac le feiscint in Ionad an Bhlascaoid - scannán a taifeadadh i gCorca Dhuibhne sa bhliain 2021.

Féach freisin cuir in eagar

Nascanna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dingle Distillery International Film Festival
  2. 2.0 2.1 dinglefilmfest.com/ (2022). "Léirmheas" (ga-IE). Dingle Distillery International Film Festival. Dáta rochtana: 2022-11-12.
  3. Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2022-11-11). "Tús tráthnóna le Féile Scannán Idirnáisiúnta i nDaingean Uí Chúis" (as ga-IE).