Speiceas fíniúna is ea an fhíniúin shionnachúil[1]Vitis labrusca agus í sa ghéineas Vitis i bhfine na bplandaí blátha ar a dtugtar Vitaceae. Tá sí dúchasach d'oirthear Mheiriceá Thuaidh. Ar an líon mór saothróga di áirítear Catawba, Concord, Delaware, Isabella, agus Niagara, chomh maith lena lán caora fíona cros-síolracha leithéidí Agawam, Alexander agus Onaka. Ní hionann leis an bhfíonchaor Eorpach, Vitis vinifera, bíonn an craiceann inscartha go héasca ón gcaor agus bíonn teannóga ar gach nód den ghas. Táthar beagnach cinnte gurb í an fhíniúin shionnachúil a dtáinig na hUiginnigh uirthi nuair a chuir siad fúthu sa Domhan Úr faoi Leif Ericsson timpeall na bliana 1000. Cheap na hEorpaigh go raibh boladh na gcaor cosúil le boladh an tsionnaigh agus sin fáth a ainm.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFíniúin shionnachúil
Vitis labrusca Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deConcord (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdVitales
FineVitaceae
GéineasVitis
SpeiceasVitis labrusca Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Vitis labrusca” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.