Frederik Willem de Klerk
Is polaiteoir ón Afraic Theas é Frederik Willem de Klerk, nó F. W. de Klerk[1] mar is fearr atá aithne air (18 Márta 1936 - 11 Samhain 2021). Ba eisean an t-uachtarán deireanach ar an Afraic Theas nuair a bhí an córas cinedheighilte i bhfeidhm (ón mbliain 1948 go dtí na 1990idí).
Bhí de Klerk ina Uachtarán Stáit ar Phoblacht na hAfraice Theas (1989-94) agus fuair sé Duais Nobel na Síochána in éineacht le Nelson Mandela sa bhliain 1993.
Tiontú agus an-éacht
cuir in eagarBhí de Klerk ina chrann seasta ag an réimeas cinedheighilte, córas polaitiúil ar a mbreathnaíonn go leor stát mar choire in aghaidh na daonnachta, tuairim atá deimhnithe go pointe áirithe ag Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
Ina dhiaidh sin, bhí páirt lárnach ag de Klerk agus deireadh á chur leis an gcóras sin, agus daonlathas bunreachtúil á chur ina áit.[2] Bhí Nelson Mandela i mbéal an phobail i gcónaí. Ach ní mór beirt a bheith ann san idirbheartaíocht. Ansin bhí ar de Klerk feidhm a bhaint as a scileanna chun dul i gcion ar lucht na cinedheighilte. Ní gan dua a rinneadh é.
Saol
cuir in eagarBhronn Ollscoil Potchefstroom (cuid d'Ollscoil an Iarthuaiscirt faoi láthair) bunchéimeanna BA agus LLB ar de Klerk sa bhliain 1958. Bhí sé ina dhlíodóir in Vereeniging. Na blianta ina dhiaidh sin iarradh air bheith ina Ollamh le dlí riaracháin i Potchefstroom, ach dhiúltaigh sé dó, ó ba rud é go raibh sé chomh ghnóthach sin mar pholaiteoir.
Ball dílis de Pháirtí Náisiúnta na hAfraice Theas ba ea é. Toghadh chun Theach an Tionóil é sa bhliain 1969 agus bhí aireachtaí éagsúla aige ó 1978 go 1989 (Gnóthaí Baile san áireamh, 1982-85), ag baint amach a cháil mar cheannaire de chuid na heite deise den pháirtí.[2]
Leasuithe
cuir in eagarMar sin féin, tar éis dó a bheith tofa mar cheannaire an Pháirtí Náisiúnta agus mar an Uachtarán Stáit sa bhliain 1989, thosaigh de Klerk ag taispeáint dearcadh ní ba phragmataí maidir leis an ngluaiseacht daonlathach san Afraic Theas agus maidir le hathrú na tíre ina sochaí a d'fhág an chinedheighilt ina diaidh, ag tosú cainteanna díreacha le Nelson Mandela, a bhí faoi ghlas, chomh fada siar le mí na Nollag 1989.[2] I mí Feabhra 1990 d'fhógair de Klerk go gcuirfí deireadh leis an gcosc ar an gComhdháil Náisiúnta Afracach agus ar Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas, go scaoilfí Nelson Mandela gan choinníoll agus go gcuirfí a lán gnéithe den chinedheighilt ar ceal.
Ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin bhí páirt ríthábhachtach ag de Klerk agus athrú na hAfraice Theas i dtreo an daonlathais neamhchiníoch ilpháirtí á réiteach, ar bhunús an toghcháin duine amháin, vóta amháin a tharla sa bhliain 1994.[2]
Bhí de Klerk ina Leas-Uachtarán ar an Afraic Theas faoi Mandela ó 1994 go 1996, fad is a bhí an Páirtí Náisiúnta i gcomhrialtas, mar pháirtí mionlach, leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach.
Teannas
cuir in eagarBhí teannas mór sa chaidreamh idir Mandela agus de Klerk sa rialta idir 1994-1996. Tharraing de Klerk a pháirtí as an rialtas tar éis dhá bhliain.
Ina theannta sin, d'éirigh idir de Klerk agus an Coimisiún um Fhírinne agus um Athmhuintearas a bhí sé freagrach as gníomhartha foréigin pholaitiúil a rinneadh i ré na cinedheighilte agus le linn an athraithe i dtreo an an daonlathais.[2]