Is moileasc í an fhaocha (Littorina littorea).[1] Tá na hainmneacha gioradán, miongán, agus seilmide cladaigh in úsáid freisin. Gastrapód is ea í. Is ball d'fhine na Littorinidae í. Tá Lios Miongán agus Cuaisín na Miongán suite i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFaocha
Littorina littorea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdLittorinimorpha
FineLittorinidae
GéineasLittorina
SpeiceasLittorina littorea Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airTurbo littoreus Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an seilmide cladaigh ina leabhar Cladaí Chonamara:

Le linn an tsamhraidh agus an fhómhair bíonn na clocha i mbarr na gcladach druidte le seilmidí cladaigh. Níl aon dath sa tuar ceatha nach bhfuil ina mblaoscanna. Cothaíonn siad iad féin ar dhuilleoga feamainne agus ar chunúis lofa ar bith eile a chastar leo. Nuair a bhíos boige agus taitneamh sa lá bíonn siad ag máinneáil thart dóibh féin. Is iad na cinn bhuí is fairsinge i gcás go bhfuil siad ar chuile dhath. Níl aon mhaith iontu le n-ithe, mar nach méadaíonn siad chomh mór le cineálacha eile. Le linn taoille trá is féidir crónán beag ceolmhar a chloisteáil uathu. Is beag iasc sliogánach a bhíos níos uachtaraí sa gcladach ná iad.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Littorina littorea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.