Corca Dhuibhne
Corca Dhuibhne a thugtar ar an leithinis díreach laistiar de Thrá Lí i gContae Chiarraí, agus ar an mbarúntacht atá suite ar an leithinis. Is é An Daingean nó Daingean Uí Chúis príomhbhaile na leithinse agus ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea an chuid den leithinis laistiar do Lios Póil agus den tSráidbhaile.
Cineál | Leithinis | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Contae Chiarraí | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Tréithe | ||||
Pointe is airde | Cnoc Bréanainn (952 m ) | |||
Iontais
cuir in eagarTá Corca Dhuibhne ar cheann desna hionaid is breátha in Éirinn don té a bhfuil suim aige dul ag dreapadh nó dul ag siúl cois trá, cois na haille nó ar cheann de bhealaí siúlóide aitheanta na tíre.
Dosna cuairteoirí a thabharfaidh aghaidh ar Iarthar Dhuibhneach is féidir tabhairt fé Chnoc Bréanainn, an dara cnoc is airde i gCúige Mumhan, fé cheann de mhullaigh Shliabh Mis os cionn na farraige, fé Chosán na Naomh nó fé Shlí Chorca Dhuibhne, dhá cheann desna siúlóidí náisiúnta is áille sa tír.
Tá Cnoc Bréanainn in iarthuaisceart na leithinse ina dheighilt nádúrtha idir an dá chuid stairiúla de Chorca Dhuibhne, mar atá, Duibhneach, laistiar agus laisteas den chnoc agus Leitriúch lastoir de.
Amach ó Dhún Chaoin sa chuid is siar siar atá na Blascaodaí, scata oileán arbh astu do Pheig Sayers, Thomás Ó Criomhthain a scríobh an leabhar cáiliúil An tOileánach, Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás agus roinnt scríbhneoirí eile.
-
Cois Trá sa Daingean
-
Sráid na Trá, Daingean Uí Chúis