Feallmharú an Ghinearáil Kirillov
Tharla feallmharú an Ghinearáil Kirillov agus a chúntóir nuair a phléasc buama a bhí feistithe ar scútar leictreach taobh amuigh de bhloc árasán in oirdheisceart Mhoscó ar an 17 Nollaig 2024.[1] Thug seirbhísí slándála na hÚcráine le fios gurb iad a bhí freagrach as.[2]
Lipéad sa teanga dhúchais | (ru) Игорь Анатольевич Кириллов | ||
---|---|---|---|
Cineál | duine | ||
Coinbhleacht | Russian military intervention in the Syrian civil war (en) Cogadh na Rúise agus na hÚcráine | ||
Oifigeach sinsearach in Arm na Rúise ba ea an Ghinearáil Kirillov, i gceannas ar Fhórsaí Cosanta Núicléacha, Bitheolaíocha agus Ceimiceacha na Rúise. Ba shaineolaí ar leith é Kirillov ar airm ollscriosta, go háirithe sna réimsí ceimiceacha agus bitheolaíocha agus an éifeacht a bhíonn acu ar láithreacha cogaidh agus ar dhaonraí a ionsaítear.[3]
Chuir na hÚcránaigh ina leith go raibh Kirillov freagrach as coireanna cogaidh le húsáid na n-armlón ceimiceach is bitheolaíoch.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, chuir Rialtas na Breataine smachtbhannaí ar Kirillov agus ar a chuid fórsaí as an gceimiceán tachta clóraipicrin a scaoileadh le saighdiúirí na hÚcráine. Maígh na Rúisigh nach n-úsáideann siad airm cheimiceacha ar an láthair chatha.[2]
Féach freisin
cuir in eagar- Nimhiú Sergei agus Yulia Skripal. Rinne an Rúis ionsaí ceimiceach ar Sergei Skripal agus a iníon in 2018 (nimhiú Novichok i gCathair Salisbury Shasana).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Sarah Shamim. "Russian general Igor Kirillov killed in Moscow: What do we know so far?" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2024-12-27.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-12-17). "Oifigeach sinsearach in Arm na Rúise maraithe i Moscó" (as ga-IE).
- ↑ Cathal Ó Murchú / An Páipéar (2024-12-21). "Feallmharú an Ghinearáil Kirillov" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-27.
Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |