Nimhiú Sergei agus Yulia Skripal


Ar an 4 Márta 2018, bhí iaroifigeach faisnéise mhíleata na Rúise agus spiaire Briotanach Sergei Skripal agus a iníon Yulia Skripal, nimhithe i Salisbury, Sasana. Tháinig siad slán as an eachtra, ach maraíodh Dawn Sturgess[1] (baint ar bith aici leis an scéal agus triúr clainne aici) agus nimhíodh ceathrar eile.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtNimhiú Sergei agus Yulia Skripal
Íomhá
Map
 51°04′12″N 1°47′52″W / 51.06991°N 1.7979°W / 51.06991; -1.7979
Cineáliarracht ar dhúnmharú
nimhiú
conspóid idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana4 Márta 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSalisbury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocSergei Skripal agus Yulia Skripal Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisreactions to the poisoning of Sergei and Yulia Skripal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe5 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí nimhiú na Skripal ar cheann de mhórchuid eachtraí a tharla sa bhliain 2018, a chothaigh drochphoiblíocht don Rúis go hidirnáisiúnta. "Níor chuir an scéal as a dhath do Vladimir Putin ag baile; coicís ghlan tar éis do scéal mhuintir Skripal briseadh, atoghadh ina uachtarán é".[3][4]

Novichok

Imeachtaí cuir in eagar

Rinne an GRU[5], iarracht iad a nimhiú leis an oibreán néaróige novichok, is cosúil. Dúirt Boris Johnson go raibh fianaise mhór ann i gcoinne na Rúise.[6]


Mhaígh an Rúis nach raibh aon bhaint acu leis an ionsaí ar Sergei Skripal. Agus scríobh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú "tá a lán amhrais á léiriú faoin scéal oifigiúil a chuir na Sasanaigh amach"[7] (cosantóir mór de chuid an rialtais Rúiseach is ea an Murchúch).[8]

Baile Skripal i Salisbury, Sasana.

Mhair an fiosrúchán ar feadh i bhfad, ach fuair an próiseas fiosraithe na daoine a rinne an t-ionsaí faoi dheireadh ː Alexander Mishkin,[9] Anatoliy Chepiga[10] agus Denis Sergeev,[11] gníomhairí de chuid na Rúise.

Frithbhearta cuir in eagar

Dúirt an Tánaiste, Simon Coveney, gurbh ionann an t-ionsaí i Salisbury agus “masla do chóras na rialacha idirnáisiúnta ar a bhfuil muid ar fad ag brath chun a bheith slán sábháilte”.[12]

Mar thoradh ar an ionsaí ar na Skripal, bhí os cionn 100 taidhleoir ar fad de chuid na Rúise díbeartha ag 16 tír san Aontas Eorpach, ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag Ceanada, ag an Astráil, srl. Measadh gurb é seo an ráig is mó de dhíbirtí taidhleoirí Rúiseacha ó bhí an Cogadh Fuar in airde láin.[12] Dhíbir Rialtas na hÉireann taidhleoir de chuid na Rúise as Éirinn chomh maith.[13]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "2018 Amesbury poisonings" (as en) (2022-07-07). Wikipedia. 
  2. "Mark Urban on his book, The Skripal Files" (en). www.panmacmillan.com. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  3. Alex Hijmans (2018). "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.
  4. Nuacht RTÉ (2018-03-26). "Taidhleoirí Rúiseacha á ndíbirt ag an Aontas Eorpach" (as ga). 
  5. Glavnoye razvedyvatel'noye upravleniy, nó an ГРУ
  6. Nuacht RTÉ (2018-03-19). "Fiosrúchán faoin ionsaí i Salisbury le tosú" (as ga). 
  7. "Ní dócha go bhfuil an Béar Rúiseach ag cúbadh chuige féin roimh Shasana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-04.
  8. Scríobh an Murchúch coicís níos déanaí, "Ní haon ábhar iontais é mar sin gur ionsaíodh Skripal más fíor go raibh sé ag feidhmiú thar ceann dream amháin de na holagairc." (2 Aibreán 2018). "Cé hiad olagairc na Rúise is cá bhfuair siad a gcuid airgid?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  9. "Alexander Mishkin" (as en) (2023-01-19). Wikipedia. 
  10. "Anatoly Chepiga" (as en) (2023-03-03). Wikipedia. 
  11. "Denis Sergeev (GRU officer)" (as en) (2023-01-19). Wikipedia. 
  12. 12.0 12.1 "Taidhleoir Rúiseach le díbirt as Baile Átha Cliath agus Éire ‘ag seasamh’ leis an mBreatain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-04.
  13. Nuacht RTÉ (2018-03-27). "Taidhleoir Rúiseach le cur ar ionnarbadh ag an Rialtas" (as ga).