Ba poblachtánach Spáinneach é Federico Borrell García (3 Eanáir, 19125 Meán Fómhair, 1936). Throid sé ar son Dara Phoblacht na Spáinne i rith Cogadh Cathartha na Spáinne. Tá clú agus cáil air de bharr pictiúir cáiliúil Robert Capa The Falling Soldier.

Infotaula de personaFederico Borrell García

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Eanáir 1912
Benilloba, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meán Fómhair 1936
24 bliana d'aois
Córdoba, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAinrialachas
Gníomhaíocht
Gairmainrialaí, sindeacáiteach ainrialach, mílísteoir ainrialach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Cathartha na Spáinne

Find a Grave: 14672757 Cuir in eagar ar Wikidata
"Bás Saighdiúir Dílseora," pictiúr cáiliúil de Federico Borrell García tógtha ag Robert Capa.

Rugadh é i Benilloba, Alicante agus "Taino" leasainm a bhí aige. D'oibrigh sé i muileann in Alcoi agus bhunaigh sé brainse áitiúla den grúpa ainrialach Iberian Federation of Libertarian Youth (FIJL). Bhí sé mar bhall den mhílíste áitiúla, Columna Alcoyana, le tacaíocht a thabhairt do Phoblacht na Spáinne i gcoinne fórsaí Náisiúnacha Francisco Franco.

De réir foinsí airithe, ar maidin 5 Meán Fómhair, 1936, tháinig Borrell agus thart ar caoga fir eile go Cerro Muriano in Córdoba le tacaícht don mhílíste ansin faoi cheannas General José Varela. I rith an tráthnóna sin bhí Borrell ag cosaint baitire airtléire ag cúl chathláin choisithe Alcoi nuair a ionsaigh fórsaí naimhde iad. Buaileadh Borrell go marfach thart ar cúig a chlog in aice an cnoic, La Loma de las Malagueñas. De réir foinsí rialtas na Spáinne, ba é an t-aon saighdiúir den Columna Alcoyana a fuair bás ag troid ag Cerro Muriano an lá sin.

I mí Iúil 2009, foilsigh an nuachtán El Periódico torthaí staidéar a dúirt nach raibh an phictiúr fíor.