Is imeacht nó comórtas ealaín agus cultúir Gaelach í feis, go háirithe le ceol agus damhsa. San Albain, is cúrsaí teagaisc tumthacha atá i gceist.

As Gaeilge na hAlban, caithfear bheith cúramach leis an síneadh fada: feis is ea fèis ach caidreamh collaí is ea feis.[1][2]

Stair cuir in eagar

I luathstair na hÉireann, ba an-tábhachtach iad na feiseanna don phobal áitiúil. Bhaileadh Gaeil le chéile chun canadh, damhsadh, agus spórt. Ba iad na haonaigh na feiseanna is mó, mar shampla, ag Teamhraigh, príomhionad na hArdritge hÉireann.

Bhíodh ann sna feiseanna baird, seanchaithe, laochra agus gineolaithe, ag insint seanscéalta agus ag canadh amhrán. De réir a chéile, bhí na feiseanna mar bhun le comórtais aclaíochta, san áireamh rásaí carbad agus capall, chomh maith le héachtaí nirt agus diongbháilteachta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Feis". Am Faclair Beag.
  2. "feis". Learn Gaelic.