Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Ferdia (Sean-Ghaeilge Ferdiad, Fer Diad), mac Damáin, mac Dáire na bhFear Domnann. Sa Táin Bó Cúailnge, tharla go raibh sé in aghaidh a dhearthár altrama, comrádaí airm faoi Scáthach agus a dhlúthchara, Cú Chulainn, arbh fhéidir gurbh a leannán é.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFerdia
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathagaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata
"Ferdia Falls at the Hand of Cuchulain", léaráid le Stephen Reid ón leabhar The Boys' Cuchulainn, le hEleanor Hull, 1904.

Bhí seisean agus Cú Chulainn mar a chéile i ngach rud ach dhá: an Gáe Bulg, sleá fhriofaic a thug, agus a mhúin, Scáthach do Chú Chulainn amháin; agus craiceann garbh fadharcánach Fherdia, nárbh fhéidir arm ar bith a dul tríd.

Agus Cúige Uladh ionraithe ag Ailill agus Méabh, rí is banríon Chonnacht, um an tarbh Donn Cuailnge a fhúdach, ba é Cú Chulainn, a choinnigh siar iad i gcomhrac aonair. Tar éis do Chú Chulainn iliomad gaiscíoch na gConnacht a chloí, chuir Méabh Ferdia faoi choinne é a throid. Thoiligh sé ach faoi thionchar dí, agus é tathanta ag Fionnabhair, iníon Ailill agus Méabh; maraon le dreas breabaithe, náirithe agus saighte ag Méabh.

Bhí siad ag troid ar feadh trí lá, ar dtús le hocht gclaíomh agus sleánna, ansin le gathanna, agus i ndeireadh na dála claimhte troma. Ar an tríú lá, agus an lámh in uachtar á bhaint ag Ferdia, ghlaoigh Cú Chulainn ar a charbadóir, Lao, le haghaidh an Gha Bolg. Chaith Cú Chulainn sleá éadrom i dtreo Fherdiad, a chuir é a sciath a ardú. Phioc Cú Chulainn an Ga Bolg suas ina ladhracha agus bhrúigh é tríd a thóin, agus maraíodh é. Thóg Lao an Ga amach as a chorp, agus chaoinigh Cú Chulainn Ferdia, ag moladh a nirt agus chrógachta:[2][3]

Ah, Ferdia, betrayed to death.
Our last meeting, oh, how sad!
Thou to die, I to remain,
Ever sad our long farewell!

Tá áit a bháis, Baile Átha Fhirdhia, Contae Lú, ainmnithe as.[4][5]

Creidtear ag scoláirí gur cuireadh an troid idir Cú Chulainn agus Ferdia níos deireanaí sa Táin, ar a laghad ón 11ú haois, bunaithe ar sraitheanna níos luaite sa scéal.[6]

Sanasaíocht cuir in eagar

Deirtear go gciallaíonn Ferdia(d) "fear/gaiscíoch an díse " (Diad gaolta le dïas, dís). Ach is fiú a rá gur féidir "fear dia" atá ann, i gcomórtas le Cú Chulainn agus é "dia-fhear" (leathdhia, más Lú a athair).[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cassell's Encyclopedia of Queer Myth, Symbol and Spirit, Randy P. Conner, Cassell, 1998, lch. 116 "Cú Chulainn and Fer Diadh"
  2. Joseph Dunn, "The Ancient Irish Epic Tale Táin Bó Cúalnge", Londain: David Nutt, 1914 [1]
  3. Ciarán Carson, The Táin, lch. 151.
  4. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge Recension 1, Bail Átha Cliath, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976, ll. 195-208 [2]
  5. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, ll. 211-234 [3]
  6. Lua de dhíth, Mí Mhárta 2008
  7. Lua de dhíth, Mí Mhárta 2008